Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fosaíocht
ainm briathartha
a.
ag cumhdach bheithíoch a bheadh istigh ag tiomsacht ar thalamh nach mbeadh fálaithe ó ghoirt; ag cumhdach bheithíoch srl.
+
Tá sé ansiúd thuas ag fosaíocht. Tá leath an gharraí siúd faoi fhataí agus an leath eile faoi chimín
D'fheicinn M. B. ag fosaíocht ansin thíos fadó i nGarraí Ú. Mh. Bhí a leath fúthu féin agus faoi mhuintir Ph. Mh. an uair sin. Dheamhan lá san aer nach dtugadh sé néal chodlata leis agus na beithígh ag sracadh fataí. Ba mhinic a tharraing a chuid fosaíocht troid
TUILLEADH (2) ▼
Is beag an fhosaíocht atá ann anois ó stripeáladh an talamh, ach fadó, b'fhéidir go mbeadh garraí ina cheithre chuid agus gan oiread an urláir ag an duine dhe. Tá fál anois ag chuile fhear dhó fhéin agus is maith an scéal é.
Bhíodh fál buaile ann sa seanreacht. Ní bhíodh cuid den talamh roinnte chor ar bith ach cead ag chuile fhear a chuid fhéin a chur air agus duine a chur amach ag fosaíocht ina gcionn ansin. Ag pailitéaraí is mó a bhíodh sé … Dheamhan binn ná binn a shocraítí ar thalamh den tsórt siúd. Bhíodh an talamh cuir agus an cimín chomh maith le chéile gan claí ná fál. Dhá mbeadh drochfhosaíocht ann, an té a mbeadh foghail déanta air, bíodh
b.
ag coinneáil rud nó scéal idir chamánaí, nó ag déanamh moille faoina inseacht nó a thabhairt uait.
+
Níl aon mhaith dhom a bheith ag fosaíocht leis ach é a rá amach — caint nó scéal a bheadh duine a choinneáil siar
Má tá a fhios agat é, ná bí ag fosaíocht leis ach inis amach dúinn é, gan frapa gan taca
TUILLEADH (5) ▼
Is mór an fhosaíocht a bhí agat léithe nár chuir isteach faoi Sh. í agus bheadh titim imeartha agat aríst. Ní chuirfinn ag imirt chnaipí thú — imreoir a choinnigh an t-aon a hairt rófhada ina ghlaic
Má fhaigheann tú dath an mháimh an iarraidh seo, ná bí ag fosaíocht leis mar a bhíos tú i gcónaí ach tabhair clár dhó. Feicimse chuile fhear ag forcamhás ar an gcúig dheireanach
Má tá aon bhraon fuisce ann, nach diabhlaí an fhosaíocht atá orthu leis nach roinneann amach é. Beidh lucht na tórra imithe ar ball, agus gan duine ar bith le n-ól
Bhí a fhios agam go raibh an rud sin ar a intinn i gcaitheamh na seachtaine, agus nach iontach an fhosaíocht a bhí air ina dhiaidh sin nach gcainteodh sé as a bhéal air. Tá sé an-dorcha
D'aithneodh dall gan súil go raibh fosaíocht eicínt air leis an láimh i gcaitheamh an achair. Bhraith mise go maith é. Bhí a fhios agam go raibh an t-airgead i gcúl a ghlaice aige ach nach dtabharfadh sé don fhear istigh é, go mbaineadh sé an méid sin cainte amach. Diabhal mé muise gur beag eile sáraíocht a dhéanfadh sé nuair a mhaithfeadh an ceann istigh dhó é. B'fhearr leis a theacht lena raibh faighte aige ná a bheith dhá mhearú fhéin
c.
ag imeacht ag forcamhás ar dhuine, nó ar an rud a bheadh aige.
+
Breá nach bpósann sé an gearrchaile agus gan a bheith ag fosaíocht léithe níos faide. Is olc í an chúirtéireacht fhada
Bhí sé ansiúd ag fosaíocht leis an ministéara agus an ministéara ag coinneáil deoladh leis ariamh. Jumper a bhí ann — ag forcamhás air
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an tsomhaoine dhó muise a bheith ag fosaíocht le M. Ph. Sh. Dheamhan brabach a bheas dhá bharr sin aige. Cat bradach a gheobhadh brabach air. Ní raibh aige ariamh ach an láimh iata.

Féach freisin

fál

fosaíocht in iontrálacha eile (5)

 
Níl aon mhaith dhuit í sin a chur ag fosaíocht mar níl aon airdeall inti.
 
fosaí
Chuir mé an t-ógánach seo ag fosaíocht ag an gcladach inniu ach go deimhin agus go dearfa, is olc an fosaí é. Lig sé na beithígh aniar thar an gclaí sa gcoirce agus é féin ag rith i ndiaidh coiníní. Go deimhin theastódh na claíochaí siúd a bhiorú. Dhá mbeidís bioraithe, ní iarrfaí a ghnaithe air
 
dos
Bhíodh muid ag déanamh feadógaí den dos mór nuair a bhíodh muid ag fosaíocht fadó. D'fheicfeá chuile ghasúr ar an mbaile agus ceann acu aige. Bhíodh na seandaoine a bhíodh ann an uair sin le buile chuthach. Ní bhíodh gnaoi ar bith acu ar an obair sin. Is minic a thug duine acu dúdóig ar an gcluais dom. Deiridís go dtarraingeodh an fheadaíl sin báisteach! Is fada go bhfeicfeá aon duine dhá rá anois
 
Tá an ghráin dhíobhálach acu ar an talamh thuas anois. Ní fhanfaidh siad ala na huaire ann mura mbeidh duine eicínt ag fosaíocht leo. Shílfeá muise gur maith an túmsacht (tiomsacht) atá ann fós. Uabhar atá ar na diabhail!
 
Thosaigh sé ag breathnú ar an bpoitín agus ag rá go raibh dúradán ann. 'Más dúradán ná dúradán é,' adeir B., 'caith chugainn agus ná bí ag leiciméireacht leis níos faide. Meas tú an dtáinig muide an fhad sin bealaigh le dhul ag fosaíocht anseo mar seo'