Fóthach
—/fōhax/, /fōx/
—Ainmfhocal, Fireann
—ní theagann aon-chlaochló tuisil air.
—
meach chapaill.  Feithideach mar a bheadh meach ann agus ar dhéanamh na meachan ach nach bhfuil méid na meachan ann.  Sé a chuireas gath i gcaiple.  An cleabhar a luigheas ar na beithigh.  Nead ar nós cuasnóg mheachan a bhíos ag an bhfóthach.  Gheobhfá i móinéir iad.  Bíonn caonach orra.  Is minic leó cuasnóg a dhéanamh freisin faoi sháil cloiche, i mbuntsop tighe.  Níl sé éascaidh a gcuid cuasnóg a choilleadh.  Bíonn ruibh orra, agus bheitheá foirghe le pláigh aca ar an toirt.  Is maith a oibríos an té a thugas mil uatha.  D'fhuileóidís ort as éadan.
Fóthach in iontrálacha eile (1)
                    →
                    fuiligh 
                  
                  
                    Má fhuilíonn fóthach ort, deir siad gurb éard atá agad a dhéanamh ar an bpuinnte, an dochar a dhiúl as, ach gan a leigean in do bholg