fothach
—/fōhax/, /fōx/
—ainmfhocal, fireann
—ní theagann aon chlaochló tuisil air
—
meach chapaill.  Feithideach mar a bheadh meach ann agus ar dhéanamh na meachan ach nach bhfuil méid na meachan ann.  -'Sé a chuireas gath i gcaiple.  An cleabhar a laíos ar na beithígh.  Nead ar nós cuasnóg mheachan a bhíos ag an bhfothach.  Gheofá i móinéir iad.  Bíonn caonach orthu.  Is minic leo cuasnóg a dhéanamh freisin faoi sháil cloiche, i mbuntsop tí.  Níl sé éasca a gcuid cuasnóg a choilleadh.  Bíonn ruibh orthu, agus bheifeá foirgthe le plá acu ar an toirt.  Is maith a oibríos an té a thugas mil uathu.  D'fhuileoidís ort as éadan.
fothach in iontrálacha eile (1)
                    →
                    fuiligh 
                  
                  
                    Má fhuilíonn fothach ort, deir siad gurb éard atá agat a dhéanamh ar an bpointe an dochar a dhiúl as ach gan a ligean in do bholg