Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fóthach
/fōhax/, /fōx/
Ainmfhocal, Fireann
ní theagann aon-chlaochló tuisil air.
Uimhir Iolraidh: fóthachaí; fóthachannaí
galra a bhíos ar chapaill agus ar asail. Dhá mbeadh gail as capall, agus a fágáil in a seasamh aon-achar lá fuar gan a clúdú, ghlacfadh sí fóthach. Teagann mealltrachaí uirre istigh idir an dá ghiall agus buaileann casacht í, agus annsin tosaíonn smaoiseannaí ag teacht anuas aisti. Faoi cheann tamall má theigheann sí chun bisigh, tiocfaidh sórt réama mar a bheadh bracha ann len a polláirí. Tá na mealltrachaí briste an uair sin agus í ag dul ar bhiseach. An leigheas atá ar fhóthach: mám maith bran mór a fháil, agus uisce as an bhfiuchadh a chur air; é a chur i máilín, agus an máilín a chur ar chloigeann an chapaill, agus cead a thabhairt don ghail a dhul faoin a polláirí. Leigheasann sin í gan aon-achar. Chuala mé caint ar leigheas eicínt eile le slánlus nó le muingbheara, ach ní feasach mé céard é. Ach chonnaic mé leigheas an mháilín dhá dhéanamh go minic. Bíonn fóthach freisin ar dhuine, má bhíonn puthaíl air le liaganna nó mealltracha, nó tugtar ar mhion-chasacht é.
·
"Nar theighe an galra breac thar do chuid muc; go n-eirighe an galra glúiníneach ar do chuid géabha, fóch ar t'asal … agus rl." (eascainí bacaigh a leigfí amach gan aon-déirce. Is cuid de dheilín fhada é)
Tá fóthach glacha ag an asal sin. Bhí agaibh a chur ar stábla
·
Cén sórt fóthach é sin ort: ag imeacht ag puthaíl i gcomhnaí. Tá an chasacht sin in a lionnán agad le sé seachtainí, agus beidh sí scathamh eile in do chrioslaigh, mara dtuga tú aire di, agus gan a bheith ag imeacht ag "rantáil" de shiúl oíche
Bhí liagannaí agus fóthach orm an uair chéanna

Fóthach in iontrálacha eile (1)

 
Má fhuilíonn fóthach ort, deir siad gurb éard atá agad a dhéanamh ar an bpuinnte, an dochar a dhiúl as, ach gan a leigean in do bholg