fothach
—/fōhax/, /fōx/
—ainmfhocal, fireann
—ní theagann aon chlaochló tuisil air
—
galra a bhíos ar chapaill agus ar asail. Dhá mbeadh gail as capall, agus a fágáil ina seasamh aon achar lá fuar gan a clúdú, ghlacfadh sí fothach. Teagann mealltrachaí uirthi istigh idir an dá ghiall agus buaileann casacht í, agus ansin tosaíonn smaoiseannaí ag teacht anuas aisti. Faoi cheann tamall, má théann sí chun bisigh, tiocfaidh sórt réama mar a bheadh bracha ann lena polláirí. Tá na mealltrachaí briste an uair sin agus í ag dul ar bhiseach. An leigheas atá ar fhothach: mám maith bran mór a fháil, agus uisce as an bhfiuchadh a chur air; é a chur i máilín, agus an máilín a chur ar chloigeann an chapaill, agus cead a thabhairt don ghail a dhul faoina polláirí. Leigheasann sin í gan aon achar. Chuala mé caint ar leigheas eicínt eile le slánlus nó le moing mheara, ach ní feasach mé céard é. Ach chonaic mé leigheas an mháilín dhá dhéanamh go minic. Bíonn fothach freisin ar dhuine, má bhíonn puthaíl air le liaganna nó mealltracha, nó tugtar ar mhionchasacht é.
·
"Nár thé an galra breac thar do chuid muc; go n-éirí an galra glúiníneach ar do chuid géabha, fothach ar t'asal … srl." (eascainí bacaigh a ligfí amach gan aon déirce. Is cuid de dheilín fhada é)
Tá fothach glactha ag an asal sin. Bhí agaibh a chur ar stábla
·
Cén sórt fothach é sin ort: ag imeacht ag puthaíl i gcónaí. Tá an chasacht sin ina leannán agat le sé seachtainí agus beidh sí scaitheamh eile in do chrioslaigh, mura dtuga tú aire di agus gan a bheith ag imeacht ag rantáil de shiúl oíche
Bhí liagannaí agus fothach orm an uair chéanna
fothach in iontrálacha eile (1)
→
fuiligh
Má fhuilíonn fothach ort, deir siad gurb éard atá agat a dhéanamh ar an bpointe an dochar a dhiúl as ach gan a ligean in do bholg