Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fóthar: fóthair:
Ainmfhocal (fc. na somplaí).
1.
+
Níl féar ná fóthar (fóir freisin) agamsa i mbliana = níl féar ar bith agam (cuirtear "féar" agus "fóthar" i gcuingir mar seo)
Tá an talamh cho spalpha i mbliana agus nach mbeidh féar ná fóthar ann mara bhfuil ag Dia. Níor buaileadh aon-deóir bháistí ar an talamh ó Lá Bealtaine
TUILLEADH (5) ▼
Tá féar agus fóthar aige sin, agus is beag an dochar dhó agus a gcuireann sé de mhúirín agus de leasú air. Thug sé suas le trí thonna amach as an bhfóidín i mbliana
Is furasta dhó féar agus fóthair a bheith aige, agus a bhfuil d'fhairsinge (talúna) aige. Ba bheag a bheadh aige, dhá mbeadh sé cho gann linne
Bíonn féar agus fóthar annsin mar is minleach ar fónamh é, ní hé sin don spíontán bradach atá anuas annseo. An bhfeiceann tú an baile sin thiar. Dheamhan dhá sheamaide istigh ar a fhuaid. Go deimhin ní talamh féir atá ann
Is deacair dhó féar ná fóthair a bheith aige lá agus gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint, nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléaracht, agus ag biorú claidheachaí nuair a bhí aige a ghnatha a dhéanamh
Bíonn féar agus fóthair ar choinnleach choirce an Mhárta, adeir an Chailleach Bhéara. Sin í a raibh a fhios aice é!
2.
+
Tá tuitim feóir (fothair? Feóir adeirtear) ionam leis an ocras = tá mé i gcruth tuitim as mo sheasamh
Thiomáil muid an dá chaora aniar romhainn, agus muid ag stríocáil na maidí ar an mbóthar le neart lagair. Ag teacht aniar ag tí Ph. Ph. ní raibh a sheasamh againn ní b'fhuide. "Gabhfaidh mise isteach annseo ag iarraidh cannda aráin", adeir S. Ní raibh mise indon a dhul isteach ann. Bhí tuitim feóir ionam leis an ocras.
TUILLEADH (3) ▼
Beatha go beó, nó an sagart! Tá tuitim feóir ionam leis an ocras
Sách rite a chuaigh sé liom a dhul an fhad sin fhéin, ní áirím dhá mhíle eile a chur orm fhéin. Bhí tuitim feóir ionam leis an tuirse. Ní fearrde mé é, go ceann fada aríst
Bhí tuitim feóir ann ag an gcodladh. Is suarach an t-íonadh, agus a bhfuil de ragairne déanta aige le coicís