Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fothair
ainmfhocal.
1.
+
Níl féar ná fothar (fothair freisin) agamsa i mbliana — níl féar ar bith agam (cuirtear féar agus fothar i gcuingir mar seo)
Tá an talamh chomh spalptha i mbliana agus nach mbeidh féar ná fothair ann mura bhfuil ag Dia. Níor buaileadh aon deoir bháistí ar an talamh ó Lá Bealtaine
TUILLEADH (5) ▼
Tá féar agus fothair aige sin, agus is beag an dochar dhó agus a gcuireann sé de mhúirín agus de leasú air. Thug sé suas le trí thonna amach as an bhfóidín i mbliana
Is furasta dhó féar agus fothair a bheith aige agus a bhfuil d'fhairsinge (talúna) aige. Ba bheag a bheadh aige dhá mbeadh sé chomh gann linne
Bíonn féar agus fothair ansin mar is mínleach ar fónamh é, ní hé sin don spíontán bradach atá anuas anseo. An bhfeiceann tú an baile sin thiar. Dheamhan dhá sheamaide istigh ar a fhuaid. Go deimhin ní talamh féir atá ann
Is deacair dhó féar ná fothair a bheith aige lá is gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléireacht agus ag biorú claíochaí nuair a bhí aige a ghnaithe a dhéanamh
Bíonn féar agus fothair ar choinnleach choirce an Mhárta, adeir an Chailleach Bhéarra. Sin í a raibh a fhios aici é!
2.
+
Tá titim feoir (fothair? Feoir adeirtear) ionam leis an ocras — tá mé i gcruth titim as mo sheasamh
Thiomáil muid an dá chaora aniar romhainn agus muid ag stríocáil na maidí ar an mbóthar le neart lagair. Ag teacht aniar ag tí Ph. Ph. ní raibh a sheasamh againn ní b'fhaide. 'Gabhfaidh mise isteach anseo ag iarraidh canta aráin,' adeir S. Ní raibh mise in ann a dhul isteach ann. Bhí titim feoir ionam leis an ocras.
TUILLEADH (3) ▼
Beatha go beo, nó an sagart! Tá titim feoir ionam leis an ocras
Sách rite a chuaigh sé liom a dhul an fhad sin fhéin, ní áirím dhá mhíle eile a chur orm fhéin. Bhí titim feoir ionam leis an tuirse. Ní fearrde mé é go ceann fada aríst
Bhí titim feoir ann ag an gcodladh. Is suarach an t-ionadh agus a bhfuil de ragairne déanta aige le coicís