Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fothram
Ainmfhocal; Fireann.
torann; toirnéis, gleó, seabhrán, gaoth ag neartú nó a leithide.
+
Tá fothram gála aríst ann. An gcluin tú? Tá sí (an ghaoth) ag neartú
Ní féidir gurb shin fothram gaoithe san doras iata. Feamainn dearg! Nar ba slán ceóil dhuit anois mar ghaoith! Ní iarrfadh muid aon-fheamainn dearg go ceánn seachtain eile
TUILLEADH (4) ▼
D'airigh mé fothram eicínt ar ball, ach ní carr a bhí ann in a dheidh sin
Cén sórt fothram é seo a chloisim? An sceach atá bainte as an mbeárna ag an asal aríst?
Ní shin é atá ag teacht. Bheadh fothram ní ba téagaraí aige siúd
Is neámhaí liom an fothram sin le é bheith in a choisméig duine