Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fothram
ainmfhocal, fireann
torann; toirnéis, gleo, seabhrán, gaoth ag neartú nó a leithide.
+
Tá fothram gála aríst ann. An gcluin tú? Tá sí (an ghaoth) ag neartú
Ní féidir gurb in fothram gaoithe sa doras iata. Feamainn dearg! Nár ba slán ceoil dhuit anois mar ghaoith! Ní iarrfadh muid aon fheamainn dearg go ceann seachtain eile
TUILLEADH (4) ▼
D'airigh mé fothram eicínt ar ball, ach ní carr a bhí ann ina dhiaidh sin
Cén sórt fothram é seo a chloisim? An sceach atá bainte as an mbearna ag an asal aríst?
Ní hin é atá ag teacht. Bheadh fothram ní ba téagarthaí aige siúd
Is neamhaí liom an fothram sin le é bheith ina choisméig duine

fothram in iontrálacha eile (1)

 
D'éirigh mé an mhaidin faoi dheireadh ag an cúig a chlog le breathnú ar bhó atá gar do lao ansin thoir, agus a mhic ó mo chroí thú, chuala mé an fothram, agus bhreathnaigh mé síos. Bhí dúchan na gcéadta ar an spéir an uair sin agam (chugam) isteach an Sunda Salach. Aeroplanes Mheiriceá a bhí ann ag dul síos ó thuaidh. Ní raibh sé taobh le cupla scór a bheith ann