Fothramán: Fuaramán
—Ainmfhocal; Fireann.
—
tormán, troimpléasc, torann nó gleó gárha (is mó an "fothramán" agus an "fuaramán" ná an "fothram". Mar a chéile "fothramán" agus "fuaramán").
+–
Tá sé in a fhothramán gála {{= tormán nó torann mór ag an ngála
Cén sórt fothramán é sin a chuala muid ar ball? "Blastannaí" a chuaigh amach ab ea? Ba diabhaltaí an fothramán a rinne sé mara ndeachaidh amach ach ceann
TUILLEADH (5) ▼
Sin an-fhothramán toirní. Deánfaidh sí oíche ghárha mara bhfuil ag Dia
Rinne an t-urchar sin an-fhothramán. Shíl me gur mé fhéin a bhí buailte!
Is diabhaltaí an fothramán atá ag an abhainn anocht. Báisteach! = fuaim
Ná bac le uair bhreá cho uain agus a bhéas an fothramán céatach seo ag cladaigh!
Ba diabhlaí an fothramán a rinne an sean-teach ag tuitim. Shílfeá gurb iad dhá chlár an domhain a bhuailfí faoi chéile
+–
Tá fuaramáin fharraige ann inniu = tonntrachaí nó maoimeannaí mórá, agus an-torann aca ag briseadh in éadan an chladaigh
Ní fhaca mé fuaramán cho mór ariamh leis an tonn sin a tháinig ar an gcarraig anois
TUILLEADH (1) ▼
'Ar ndú ní ag brath ar a dhul amach san bhfothramán farraige sin a bheitheá? Níl aon-churrach déanta atá indon a mharaíocht. Cén chruadhóg amach atá ort, nó go dtige an aimsir sin in araíocht?
Féach freisin
→
fuaramán
Fothramán in iontrálacha eile (2)
→
buail ar
Ní fhaca tú aon-teach ariamh, atá chomh buailte ar a' mbóthar leis. Tá'n bhínn ó dheas amach ar a' mbóthar ar fad. Shílfeá go mbadh deacair dhóib aon-néal a chodladh ag fothramán 'san oidhche.
Rachaidh mé faoi dhaoib a stócaigh go gcloisfidh an t-aer torann agus go mbainfidh mise fothramán as na dromannaí agaibh mara gcuiridh sib mo phíopa ar fáil gan mórán achair. An bhfuil a fhios agaibh cé'n sórt saoghal atá ann chor ar bith anois: nach féidir píopa a fháil gan scaradh le do nóta puint; agus go sílfeá gur cumaoin a bheidís a chur ort len a thabhairt duit mar sin féin