fothramán, fuaramán
—ainmfhocal, fireann.
—
tormán, troimpléasc, torann nó gleo gártha. Is mó an fothramán agus an fuaramán ná an fothram. Mar a chéile fothramán agus fuaramán.
+–
Tá sé ina fhothramán gála — tormán nó torann mór ag an ngála
Cén sórt fothramán é sin a chuala muid ar ball? Blastannaí a chuaigh amach ab ea? Ba diabhaltaí an fothramán a rinne sé mura ndeachaigh amach ach ceann
TUILLEADH (5) ▼
Sin an-fhothramán toirní. Deánfaidh sí oíche ghártha mura bhfuil ag Dia
Rinne an t-urchar sin an-fhothramán. Shíl mé gur mé fhéin a bhí buailte!
Is diabhaltaí an fothramán atá ag an abhainn anocht. Báisteach! — fuaim
Ná bac le uair bhreá chomhuain is a bheas an fothramán céatach seo ag cladaí!
Ba diabhlaí an fothramán a rinne an seanteach ag titim. Shílfeá gurb iad dhá chlár an domhain a bhuailfí faoi chéile
+–
Tá fuaramáin fharraige ann inniu — tonntrachaí nó maidhmeannaí mórá agus an-torann acu ag briseadh in éadan an chladaigh
Ní fhaca mé fuaramán chomh mór ariamh leis an tonn sin a tháinig ar an gcarraig anois
TUILLEADH (1) ▼
Ar ndóigh ní ag brath ar a dhul amach sa bhfothramán farraige sin a bheifeá? Níl aon churach déanta atá in ann a mharaíocht. Cén chruóg amach atá ort nó go dtige an aimsir sin in araíocht?
Féach freisin
→
fuaramán
fothramán in iontrálacha eile (4)
→
buail ar
Ní fhaca tú aon teach ariamh atá chomh buailte ar an mbóthar leis. Tá an bhinn ó dheas amach ar an mbóthar ar fad. Shílfeá go mba deacair dhóibh aon néal a chodladh ag fothramán san oíche.
Rachaidh mé faoi dhaoibh a stócaigh, go gcloisfidh an t-aer torann agus go mbainfidh mise fothramán as na dromannaí agaibh mura gcuire sibh mo phíopa ar fáil gan mórán achair. An bhfuil a fhios agaibh cén sórt saol atá ann chor ar bith anois: nach féidir píopa a fháil gan scaradh le do nóta puint; agus go sílfeá gur comaoin a bheidís a chur ort lena thabhairt duit mar sin féin