Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Frogh, Fraigh
Ainmfhocal Buineann
Uimhir Iolraidh: Fraghacha(í)
Frogh go hiondúil /frö/ mar "log". Ach /frəi/ mar "laghad" in áiteachaí (Árainn). /frəi/ i gcomhnaí i "fraighfhliuchas". /frɛ̄xī/, /frɛ̄xhī/, /frɛ̄xhə/, /frɛ̄xə/ san iolraidh (fraghachaí))
1.
balla tí; an taobh-bhalla, nó an balla éadain, barr an bhalla i gcomhgar an dín agus an bhalla.
a.
+
Tá sé déanta (balla) ó fhuth go frogh (fc. futh)
Tá sé go frogh aige = balla tí
TUILLEADH (9) ▼
Cuirfidh seachtain eile go frogh é. Má bhíonn an uair cóiriúil l'aghaidh saoirsinne tiúrfaidh sé cúnamh maith air ar chaoi ar bith
Níl aon-bhaol air a bheith go frogh fós leis an mballa, an bhfuil? M'anam nach gan easonóir balla a dhéanamh
Cuirfidh cupla cúrsa eile go frogh é. Ní bheadh stró ar bith orainn ach nach bhfuil aon-chloch cuir againn
Beidh sneachta go frogh amáireach. Go deimhin is furasta a aithinte air é. Tá sé ag tolgadh le seachtain. Bhainfeadh scráib an fuacht as an uair
Arú anuiridh a chaith sé an sneachta. Bhí sé go frogh
Dar Dia bhuailfeadh an scrománach siúd a cheann thuas ar fhrogh an bhalla. Ba bheag an stró air é
"An t-aer dearg thoir sneachta go frogh" = tuar sneachta
Chroch mé san bhfraigh (/frəi/) í (speal). Bainfidh mé bliain eile aisti más beó buan na daoine
Céard é sin thuas san bhfraigh? An glionnda é?
b.
"le balla" nó taobh istigh i leabaidh mar mhalrait don cholbh
+
An ngabhfaidh tú le frogh (le balla). Nó b'fhéidir go mb'fhearr leat ar colbh. Tá an dá chrann ar do bhois anois. Déan do rogha rud
Bhí mé féin le frogh, agus marar shaothruigh mise an oíche ag an mbeirt a bhí taobh thíos díom (san leabaidh) castar liom é
TUILLEADH (1) ▼
"Scraiste i lár leabthan agus cúl carrach le frogh"; "scraiste i lár leabthan agus bogán le balla"
2.
siad na fraghachaí taobháin agus rataí an tí go háirid an boimbéal agus na maidí treasna.
a.
+
Leagfaidh tú fraghachaí an tí, má bhíonn tú i bhfad eile ar siúl
Bhí an dóiteán déanta suas le na fraghachaí nuair a tháinig siad isteach, ach ní raibh sé san díon
TUILLEADH (4) ▼
Bhuailfeadh sé a cheann thuas ar na fraghachaí. Ní fhaca mé aon-fhathach ariamh mar é, bail ó Dhia air
Bhain sé dhó a sheaicéad agus chaith sé suas sna fraghachaí é, agus d'iarr sé fear ar bith san teach amach (ag troid)
Feicim dhá racán thuas sna fraghachaí san teach seo thíos
Tá líonta crochta sna fraghachaí ann
b.
chuaigh sí sna fraghachaí = (i) bean a ghabhfadh chun drabhláis, nó a d'imeódh le fán. (ii) duine a dtiocfadh cuthach nó báiní air; taghd.
·
Chuaigh sí sna fraghachaí annsin. Bhuail sí síos Gaillimh agus d'imigh sí le máirnéalach, agus níor tháinig leitir ná scuan uaithe uaidh sin suas
Meastú nach bean í sin atá gaibhte sna fraghachaí. Marach gurb ea, ba bheag an baol uirre a dhul ag tabhairt chomhlódair don sean-druinníneach sin atá a trí haois
+
Chomh luath agus a caintíodh ar an áit thoir chuaigh sé sna fraghachaí. Shílfeá a mhic ó go leagfadh sé an teach go talamh. Siúd é an diabhal atá drochmhúinte.
Gabhfaidh sé sna fraghachaí. Is fhearr dhuit gan treas ar bith a chur air. B'fhéidir gur thú a mharú a dhéanfadh sé. Siúd é úll na haithne
TUILLEADH (2) ▼
Má theagann S. sna fraghachaí dar m'anam duit go mbeidh scéal agad air. Níl duine ar bith beó is preabaí ná é. Speirfeadh sé thú cho héascaidh agus a bhreathnódh sé ort. Mo chomhairle dhuit: ná bac leis
Sin é an chaoi a bhfuil an t-aos óg atá ann anois: imithe sna fraghachaí. Níl smacht athar ná mathar orra
3.
aill ar bhinnsceirde na farraige nó amanntaí in áit ar bith.
+
Scaoil sé le frogh é = de bharr aille san bhfarraige
Chuaigh sé ro-cheacharach ar bharr na haille agus thuit sé le frogh
TUILLEADH (2) ▼
Tabhair síos aríst é agus scaoil amach le frogh é. Ní éadáil ar bith é, ní hea sin
Bhí mé caite amach annsiúd le frogh ach dhá mbeinn ann go deo, ní bhfuighinn aon-phriocadh ná cuid de phriocadh. Níl aon-ádh éisc orm cheapfainn
4.
taobh cruach mhóna, bruach portaigh, éadan cárnán meangals nó cárnán cloch etc.
+
Tá frogh bhreá ar an gcruach mhóna sin: gníomh breá
Tá an fhrogh (frogh na cruaiche) scarha. Is diabhlaí nach mbeitheá indon gníomh a chur thairis sin
TUILLEADH (3) ▼
Tá frogh an phortaigh siúd seacht dtroighthe. Nach bhfuil cúig báirr bainte ann?
Seas istigh in aghaidh frogh an phortaigh nó go bhfeice mé cá'id suas leat a ghabhfas sé
Níl aon-fhrogh den rath air (cárnán meangals). Tuitfidh sé
5.
sceach, driseachaí eibheann, caonach a bheadh ar éadan balla nó aille.
+
Tá frogh mhór de sean-chaonach ar an mballa siúd. Tá sé foirghe ar fad
Ní fhéadfá a dhul isteach go dtí béal na brocaí dhá bhfaightheá Éire bronnta ort. Tá frogh dhriseachaí ar an aill, agus níor mhór dhuit seachtain dhá mbaint di. Nach maith a bhí a fhios aige (sionnach) cá ngabhfadh sé "ar fascadh"
TUILLEADH (2) ▼
Deir siad má fhásann frogh eibhinn ar bhalla tí go réabann sé an balla ó chéile leis an aimsir
An bhfeiceann tú an chloich mhóir sin thoir a bhfuil frogh eibhinn uirre? Deir siad go raibh teach nó bothán eicínt ag sagart fúithe sin san drochshaol

Frogh in iontrálacha eile (2)

 
beann
Tá’n cruach mhóna go frogh na binne.
 
aer
An t-aer dearg thiar, gealach a's grian; An t-aer dearg ó thuaidh, bainne ag na bua(ibh); An t-aer dearg ó dheas, mil ag gach meach (beach); An t-aer dearg thoir, sneachta go frogh (Ceathramha faidhligheachta ar an aimsir).