—
a.
taisfhliuchán i mbróga, in éadach, i mballaí, i dtithe.
+–
Tá fraighfhliuchas beag in mo bhróga. Nach dona iad agus gan iad ach mí ceannaithe, agus mo cheithre leota puint a leagan amach orthu!
Is gearr nach mbeidh díon deoir iontu agus iad ag déanamh an méid sin féin fraighfhliuchais cheana. Ara tá an leathar atá ann anois dearglofa. Ní fiú do sheacht mallacht é agus tá mé ag ceapadh nach taise don ghréasaíocht é
TUILLEADH (3) ▼
Théis gur buaileadh istigh is amuigh le moirtéal í, tá fraighfliuchas inti ina dhiaidh sin. Ar ndóigh níl aon ghnaithe ag "baitseachaín" ag déanamh seideannaí ná cruife
An bhfuil fraighfhliuchas ar bith sa teach nua agaibh. Is beag de na tithe concrete sin nach mbíonn tais muis. Do cheann fine ní choinneodh tirim iad
Ba bheag an brádáinín a bhí ann agus dar fia bhí fraighfhliuchas in mo chuid éadaigh ina dhiaidh sin. B'éigean dom a mbaint dhíom. Ar ndóigh ní shraimleodh rud ar bith thú chomh mór le brádán
b.
drúcht beag ceobháistí; caifearnach bheag bhaistí; mionfhliuchán.
+–
Ní dhearna sé brí báistí aréir. Rinne sé fraighfhliuchas beag
Ní fheicfeá drúcht ar bith anois mar a bhíodh fadó ann. Dheamhan blas ach fraighfhliuchas beag
TUILLEADH (1) ▼
Ní chuirim allas ar bith. Is minic a bhíos saothar ionam ach dhá mbeadh an fiach dubh ag cur a theanga amach, ní chuirfinn ach fraighfhliuchas beag. Donacht chreidim. Ní mar sin a bhínn fadó
Féach freisin
→
fraigh
fraighfhliuchas in iontrálacha eile (3)
→
farúch
Ní foláir farúch a chur faoin gcoca sin, nó tiocfaidh faoi. Faigh saileánach agus driseachaí in áit eicínt. Socróidh mise sraith (chloch). Tá fraighfhliuchas a bhfaca tú ariamh sa gcúinne sin
→
airigh
Níl a fhios agam beirthe tuige a n-airím chomh fuar é, muran fraighfhliuchas atá san éadach leabthan.
Sílim go mba ceart daoibh na braillíní atá ar an leaba sin thuas a chur le tine scaithín. Cheapfainn go bhfuil gaibhte fúthu, dhá ghairdeacht ó chodail duine sa leaba cheana. Níl a fhios cén fraighfhliuchas atá sna ballaí sin thuas