—
a.
taisfhliuchán i mbróga, in éadach, imballaí, idtithe.
+–
Tá fraighfhliuchas beag in mo bhróga. Nach dona iad, agus gan iad ach mí ceannuithe, agus mo cheithre leóta puint a leagan amach orra!
Is gearr nach mbeidh díon deóir ionta, agus iad ag déanamh an méid sin féin fraighfhliuchais cheana. Ara tá an leathar atá ann anois dearg-lofa. Ní fiú do sheacht mallacht é, agus tá mé ag ceapadh nach taise don ghréasaíocht é
TUILLEADH (3) ▼
Th'éis gur buaileadh istigh agus amuigh le muirtéal í, tá fraighfliuchas inte in a dheidh sin. 'Ar ndú' níl aon-ghnatha ag "baitseachaín" ag déanamh seideannaí, ná croithe
'Bhfuil fraighfhliuchas ar bith san teach nua agaibh. Is beag de na tithe "concrete" sin nach mbíonn tais muis. Do cheannfinne ní choinneódh tirm iad
Ba bheag an brádáinín a bhí ann agus dar fia bhí friaghfhliuchas in mo chuid éadaigh in a dheidh sin. B'éigin dom a mbaint dhíom. 'Ar ndú' ní shraimleódh rud ar bith thú cho mór le brádán
b.
drúcht beag ceobháistí; caifearnach bheag bhaistí; mionfhliuchán.
+–
Ní dhearna sé brí báistí aréir. Rinne sé fraighfhliuchas beag
Ní fheicfeá drúcht ar bith anois mar bhíodh fadó ann. Dheamhan blas ach fraighfhliuchas beag
TUILLEADH (1) ▼
Ní chuirim allas ar bith. Is minic a bhíos saothar ionam ach dhá mbeadh an fiach dubh ag cur a theanga amach, ní chuirfinn ach fraighfhliuchas beag. Donacht chreidim. Ní mar sin a bhínn fadó
Féach freisin
→
fraigh
Fraighfhliuchas in iontrálacha eile (2)
→
farúch
Ní fuláir farúch a chur faoin gcoca sin, nó tiocfaidh faoi. Fagh saileánach agus driseachaí in áit eicínt. Socróidh mise sraith (chloch). Tá fraighfhliuchas a bhfaca tú ariamh san gcúinne sin
→
airigh
Níl fhios agam beirthe, tuige a n-airighim chomh fuar é, maran fraighfhliuchas atá san éadach leapthan.