fraigh
—ainmfhocal, baineann
—uimhir iolra: fraitheacha(í)
—/frö/ mar log go hiondúil. Ach /frəi/ mar laghad in áiteachaí (Árainn); /frəi/ i gcónaí i fraighfhliuchas. /frɛ̄xī/, /frɛ̄xhī/, /frɛ̄xhə/, /frɛ̄xə/ san iolra (fraitheachaí)
1.
balla tí; an taobh-bhalla, nó an balla éadain, barr an bhalla i gcóngar an dín agus an bhalla.
a.
+–
Tá sé déanta (balla) ó fhoth go fraigh (fc. foth)
Tá sé go fraigh aige — balla tí
TUILLEADH (9) ▼
Cuirfidh seachtain eile go fraigh é. Má bhíonn an uair cóiriúil le aghaidh saoirsine tabharfaidh sé cúnamh maith air ar chaoi ar bith
Níl aon bhaol air a bheith go fraigh fós leis an mballa an bhfuil? M'anam nach gan easonóir balla a dhéanamh
Cuirfidh cupla cúrsa eile go fraigh é. Ní bheadh stró ar bith orainn ach nach bhfuil aon chloch cuir againn
Beidh sneachta go fraigh amárach. Go deimhin is furasta a aithinte air é. Tá sé ag tolgadh le seachtain. Bhainfeadh scráib an fuacht as an uair
Arú anuraidh a chaith sé an sneachta. Bhí sé go fraigh
Dar Dia bhuailfeadh an scrománach siúd a cheann thuas ar fhraigh an bhalla. Ba bheag an stró air é
"An t-aer dearg thoir sneachta go fraigh" — tuar sneachta
Chroch mé sa bhfraigh (/frəi/) í (speal). Bainfidh mé bliain eile aisti más beo buan na daoine
Céard é sin thuas sa bhfraigh? An glionda é?
b.
"le balla" nó taobh istigh i leaba mar mhalrait den cholbha
+–
An ngabhfaidh tú le fraigh (le balla). Nó b'fhéidir go mb'fhearr leat ar colbha. Tá an dá chrann ar do bhois anois. Déan do rogha rud
Bhí mé féin le fraigh agus murar shaothraigh mise an oíche ag an mbeirt a bhí taobh thíos díom (sa leaba), castar liom é
TUILLEADH (1) ▼
"Scraiste i lár leabthan agus cúl carrach le fraigh"; "scraiste i lár leabthan agus bogán le balla"
2.
siad na fraitheachaí taobháin agus rataí an tí go háirid an boimbéal agus na maidí trasna.
a.
+–
Leagfaidh tú fraitheachaí an tí má bhíonn tú i bhfad eile ar siúl
Bhí an dóiteán déanta suas le na fraitheachaí nuair a tháinig siad isteach, ach ní raibh sé sa díon
TUILLEADH (4) ▼
Bhuailfeadh sé a cheann thuas ar na fraitheachaí. Ní fhaca mé aon fhathach ariamh mar é, bail ó Dhia air
Bhain sé dhó a sheaicéad agus chaith sé suas sna fraitheachaí é agus d'iarr sé fear ar bith sa teach amach (ag troid)
Feicim dhá racán thuas sna fraitheachaí sa teach seo thíos
Tá líonta crochta sna fraitheachaí ann
b.
chuaigh sí sna fraitheachaí: (i) bean a ghabhfadh chun drabhláis, nó a d'imeodh le fán. (ii) duine a dtiocfadh cuthach nó báiní air; taghd
·
Chuaigh sí sna fraitheachaí ansin. Bhuail sí síos Gaillimh agus d'imigh sí le mairnéalach agus níor tháinig litir ná scuan uaithi uaidh sin suas
Meas tú nach bean í sin atá gaibhte sna fraitheachaí. Murach gurb ea, ba bheag an baol uirthi a dhul ag tabhairt chomhluadair don seandroinníneach sin atá a trí haois
+–
Chomh luath agus a caintíodh ar an áit thoir chuaigh sé sna fraitheachaí. Shílfeá a mhic ó go leagfadh sé an teach go talamh. Siúd é an diabhal atá drochmhúinte.
Gabhfaidh sé sna fraitheachaí. Is fhearr dhuit gan treas ar bith a chur air. B'fhéidir gur thú a mharú a dhéanfadh sé. Siúd é úll na haithne
TUILLEADH (2) ▼
Má theagann S. sna fraitheachaí, dar m'anam duit go mbeidh scéal agat air. Níl duine ar bith beo is preabaí ná é. Speirfeadh sé thú chomh héasca agus a bhreathnódh sé ort. Mo chomhairle dhuit: ná bac leis
Sin é an chaoi a bhfuil an t-aos óg atá ann anois: imithe sna fraitheachaí. Níl smacht athar ná mathar orthu
3.
aill ar bhinnsceirde na farraige nó amantaí in áit ar bith.
+–
Scaoil sé le fraigh é — de bharr aille sa bhfarraige
Chuaigh sé rócheachrach ar bharr na haille agus thit sé le fraigh
TUILLEADH (2) ▼
Tabhair síos aríst é agus scaoil amach le fraigh é. Ní éadáil ar bith é, ní hea sin
Bhí mé caite amach ansiúd le fraigh ach dhá mbeinn ann go deo, ní bhfaighinn aon phriocadh, ná cuid de phriocadh. Níl aon ádh éisc orm cheapfainn
4.
taobh cruach mhóna, bruach portaigh, éadan carnán meaingeals nó carnán cloch srl.
+–
Tá fraigh bhreá ar an gcruach mhóna sin: gníomh breá
Tá an fhraigh (fraigh na cruaiche) scartha. Is diabhlaí nach mbeifeá in ann gníomh a chur thairis sin
TUILLEADH (3) ▼
Tá fraigh an phortaigh siúd seacht dtroithe. Nach bhfuil cúig bairr bainte ann?
Seas istigh in aghaidh fraigh an phortaigh nó go bhfeice mé ’cáid suas leat a ghabhfas sé
Níl aon fhraigh den rath air (carnán meaingeals). Titfidh sé
5.
sceach, driseachaí, eibheann, caonach a bheadh ar éadan balla nó aille.
+–
Tá fraigh mhór de seanchaonach ar an mballa siúd. Tá sé foirgthe ar fad
Ní fhéadfá a dhul isteach go dtí béal na brocaí dhá bhfaightheá Éire bronnta ort. Tá fraigh dhriseachaí ar an aill agus níor mhór dhuit seachtain dhá mbaint di. Nach maith a bhí a fhios aige (sionnach) cá ngabhfadh sé ar foscadh
TUILLEADH (2) ▼
Deir siad má fhásann fraigh eibhinn ar bhalla tí go réabann sé an balla ó chéile leis an aimsir
An bhfeiceann tú an chloich mhóir sin thoir a bhfuil fraigh eibhinn uirthi? Deir siad go raibh teach nó bothán eicínt ag sagart fúithi sin sa drochshaol
fraigh in iontrálacha eile (13)
→
fán
Ní shásódh rud ar bith anois é ach fán a fheiceáil ar a bhfuil sa teach sin thíos. Dhá bhfeiceadh sé féar go fraigh leis bheadh gliondar air
→
aer
"An t-aer dearg thiar, gealach agus grian; An t-aer dearg ó thuaidh, bainne ag na buaibh; An t-aer dearg ó dheas, mil ag gach meach (beach); An t-aer dearg thoir, sneachta go fraigh" (ceathrú faidhlíochta ar an aimsir)
→
buan
Is beag an cheapfadh go gcuirfeadh an seanfhear é, ach ar chuala tú ariamh: ní bheadh a fhios agat cé is túisce craiceann na seanchaorach nó craiceann na caor óige ar an bhfraigh, agus m'anam gur hiomaí rud is buaine ná an duine.
+
→
foth
Tá sé déanta aige ó fhoth go fraigh — teach a bheith déanta ón íochtar go barr an bhalla, nó a bheith déanta ar fad amantaí. Is cosúil go gciallaíonn foth an dúshraith anseo. Níor chuala mé é ach sa leagan sin
TUILLEADH (1) ▼
Leag an toirneach an teach ó fhoth go fraigh
Ná teagadh aon drochmhisneach ort. Ní túisce craiceann na seanchaorach ar an bhfraigh ná craiceann na caorach óige
Shiúlfadh an diabhailín de scorach sin ar dhroichead spioróide má bhí sé in ann a dhul ansin. Ar ndóigh ní raibh tada ansin a mbéarfadh sé air ach an fraigh eidhinn atá ar an mballa
→
dúchas
Tháinig fear timpeall anseo an bhliain cheana. Puicneach mhór mhillteach a bhí ann, agus ba deacair é a thuiscint. Bhí sé chomh gallda sin. As áit eicínt i dtóin Mheiriceá a tháinig sé. Chuir sé tuairisc na Loideánaigh, agus b'éigean seanbhallaí Thomás Labhráis a 'speáint dó. Sin é an áit ar rugadh mo sheanathairse adeir sé. Anois nach leanann bá dúchas. Chroch sé leis fraigh den eidheann agus slám den chaonach atá ar an mballa
Ba bheag an aois a bhí chor ar bith aige. Má bhí sé ag dul chun dá scór, ba é a chlochneart é. Cailleadh óg go leor é an duine bocht. Ach sin é an chaoi a mbíonn sé: níl a fhios cé is túisce craiceann na seanchaorach ar an bhfraigh ná craiceann na caorach óige