Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
foth
ainmfhocal, firinscneach
a.
dúshraith nó cúrsa boinn tí is cosúil.
·
Tá sé déanta aige ó fhoth go fraigh — teach a bheith déanta ón íochtar go barr an bhalla, nó a bheith déanta ar fad amantaí. Is cosúil go gciallaíonn foth an dúshraith anseo. Níor chuala mé é ach sa leagan sin
Leag an toirneach an teach ó fhoth go fraigh
b.
+
Ní bhfuair mé ar foth ná ar féar é — in áit ar bith; níl sé le fáil in aon áit sa tír (tá an leagan seo an-choitianta)
Bhí sé ansin ar baillín, ach ní fheicim ar foth ná ar féar anois é
TUILLEADH (4) ▼
Sin é an chaoi a mbíonn an dearmad. Leagann sibh rud uaibh agus ní bhíonn sé le fáil ar foth ná ar féar in bhur ndiaidh
D'imigh bean as sin thíos i mB. an bhliain cheana agus dheamhan ar frítheadh ar foth ná ar féar ó shin í
Cuir isteach an t-asal sin agus cuir glais agus athghlas air, nó dheamhan a chos a bheas ar foth ná ar féar amárach.
Tá mo lá caite agam ina dhiaidh agus gan é ar foth ná ar féar. Caithigí sneachta ar a lorg anois. Dheamhan amharc a fheicfeas sibh go deo air. Sin í bhur gcuid sleamchúise féin

Féach freisin

foth in iontrálacha eile (3)

 
féar
Ní fheicim ar foth ná ar féar é; níl sé le fáil ar foth ná ar féar srl. (fc. foth)
 
Níor ligeadh a shláinte ariamh le fear bóthair ná bealaigh as an tsráidbhaile chéanna. An cluiche scabhaitéaraí ba mhó a bhí ar foth ná ar féar, is istigh sa mbaile sin a bhí siad scaitheamh.
 
dream
Níl aon dream daoine ar foth ná ar féar is measa ná iad sin. Tá an braoinín salach iontu fré chéile