Framsáil, pramsáil
—an dá leagan
—Ainm Bhriathar: Ainmfhocal
—
+–
Tá sé ag framsáil annsin amuigh ó mhaidin, th'éis an éagnach a bhí inné air
Leig de do chuid framsála anois. Tá sé in am agad a bheith tuirseach feasta
TUILLEADH (5) ▼
Is cuma leis an mac atá san teach seo é, ach ag imeacht ag pramsáil leis. Dheamhan amharc a fheictear air aon-oíche Dhomhnaigh go mbíonn sé an h-aon a chlog ar maidin, ná an uair sin fhéin scaití
Níl aon-damhsa agam ach bím ag pramsáil liom ar nós an chuid eile aca
Shílfeá go bhfuil an capall ag framsáil air. Tá an braon mór inti sin = ag gearramansaíocht; ag fuiléimneach le fonn macnais nó siúil
Sin an-údar asail. Níl agad ach a chur faoin gcarr agus tosóidh air ag pramsáil ar an toirt ag iarraidh bóthar a thabhairt dó.
Is tarbh oilbhéasach é sin aige. 'Bfhaca tú ariamh é ag framsáil agus duine ag dul thairis an bóthar. M'anam go gcuirfeadh sé a smut amach thar chlaidhe go dtí thú!
+–
Bhí sé in a fhramsáil dhamsa ann
M'anam go bhfuil framsáil ar aire an cheann se'againne ar an aimsir seo. Tá speireach ar a chois
TUILLEADH (2) ▼
Ní iarrfadh sí aon-bhuille maitheasa a dhéanamh go héag ach cead framsáil a fháil ar bhóithrí
Cá'id ar an bpramsáil sin é. Rachmall pósta atá dhá bhualadh go siúráilte
Féach freisin
→
pramsáil