framsáil, pramsáil
—an dá leagan
—ainmfhocal, ainm briathartha
—
+–
Tá sé ag framsáil ansin amuigh ó mhaidin, théis an éagnach a bhí inné air
Lig de do chuid framsála anois. Tá sé in am agat a bheith tuirseach feasta
TUILLEADH (5) ▼
Is cuma leis an mac atá sa teach seo é ach ag imeacht ag pramsáil leis. Dheamhan amharc a fheictear air aon oíche Dhomhnaigh go mbíonn sé an haon a chlog ar maidin, ná an uair sin fhéin scaití
Níl aon damhsa agam ach bím ag pramsáil liom ar nós an chuid eile acu
Shílfeá go bhfuil an capall ag framsáil air. Tá an braon mór inti sin — ag gearramansaíocht; ag foléimneach le fonn macnais nó siúil
Sin an-údar asail. Níl agat ach a chur faoin gcarr agus tosóidh air ag pramsáil ar an toirt ag iarraidh bóthar a thabhairt dó.
Is tarbh oilbhéasach é sin aige. An bhfaca tú ariamh é ag framsáil agus duine ag dul thairis an bóthar. M'anam go gcuirfeadh sé a smut amach thar chlaí go dtí thú!
+–
Bhí sé ina fhramsáil dhamhsa ann
M'anam go bhfuil framsáil ar aire an cheann s'againne ar an aimsir seo. Tá speireach ar a chois
TUILLEADH (2) ▼
Ní iarrfadh sí aon bhuille maitheasa a dhéanamh go héag ach cead framsáil a fháil ar bhóithrí
Cáid ar an bpramsáil sin é. Rachmall pósta atá dhá bhualadh go siúráilte
Féach freisin
→
pramsáil