Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Frumsóg: framsóg
bean óg aerach; guaigseach de bhean; bean a bheadh an-tugtharach do dhamhsaí agus d'eirí in áirde.
+
Cé leis an fhramsóg sin? Is aoibhinn don té a gheobhas í. Coinneóidh sí an croí dhó ar chaoi ar bith!
Diabhal a leithide de fhrumsóg de bhean a chonnaic tú in do shaol ariamh. Níl luach leithphínne ag cur imní uirre ach damhsaí agus "routáil". Ní san aeríl a chaill sí ar chuma ar bith é
TUILLEADH (1) ▼
Framsóg mná a fuair sé. Ach deir tú léithi ar chuma ar bith a chuaigh i gcois dhá leith ar an gcapall! A dhiabhail nach hí an marcach í!