Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
framsóg
bean óg aerach; guaigseach de bhean; bean a bheadh an-tucarach do dhamhsaí agus d'éirí in airde.
+
Cé leis an fhramsóg sin? Is aoibhinn don té a gheobhas í. Coinneoidh sí an croí dhó ar chaoi ar bith!
Diabhal a leithide de fhramsóg de bhean a chonaic tú in do shaol ariamh. Níl luach leithphínne ag cur imní uirthi ach damhsaí agus rabhaiteáil. Ní san aeraíl a chaill sí ar chuma ar bith é
TUILLEADH (1) ▼
Framsóg mná a fuair sé. Ach deir tú léithe ar chuma ar bith a chuaigh i gcois dhá leith ar an gcapall! A dhiabhail nach í an marcach í!