Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Franncach
Ainmfhocal Fireann
fear ón bhFrainnc.
·
Bhí fear annsin thoir anuiridh. Ba Franncach é = fear ón bhFrainnc
Ba bheag an seasamh a rinne na Franncaigh idtús an chogaidh seo

Franncach in iontrálacha eile (14)

 
Tá sí annsiúd sa gclúid, a's í chomh coilgneach le franncach a bheadh sáinnighthe ag cat.
 
amuigh
Feicim franncach amuigh annsiúd amuigh ag a' gclaidhe
 
feadh
Deir tú le Franncach a chonnaic mé an lá cheana ag siúl siar ar feadh chíor an tí. M'anam gur shiúil go binn
+
Tá cirín cho dearg air le coileach Franncach = turkey
TUILLEADH (10) ▼
Ní fhaca tú na cearca Franncach seo = turkey hens
Tornógaí Franncach a bhíodh suas an bealach sin, mar dhóighidís an domhan go deó aoil le cur ar an talamh. Na tornógaí a bhíodh annseo, déanta gaelach a bhídís
Tá tornógaí franncach ar an Taobh Mín ó a thosuigh an cogadh seo. Deir siad nach bhfuil scolb ná tom anois ann nach bhfuil dóite aca. A Thiarna Dé b'ann a bhí máithreach na scoilb
Tá aiteann Franncach annseo thuas = aiteann mór láidir borb, agus bláth buí air
Má chuireann tú an t-aiteann Franncach sin thrídh lasadh, feicfidh tú loscadh sléibhe
B'fhearr dhuit an gróigeadh franncach a thabhairt uirre. Tá cothú an uisce an-mhór san bplás. Dhá mbeadh sí tóighe as a scaradh chor ar bith mar sin fhéin, ní aireóchthá ag triomú í
Ara níl call ar bith dhuit gróigíní Franncach a dhéanamh di sin. Cuir in a seasamh ar a ceann í, agus ní bheidh moill ar bith uirre go mbeidh sí in alt a haithghróigeadh
An bhfaca tú an franncach mór a bhí maruithe ar an mbóthar inné? (ach an fhranncach mhór freisin. Tá innscin an fhocail seo mar aidiacht idir chamánaí)
Bhí franncach annsin thoir inniu, agus ba í an ceann ab áibhéile dhá bhfaca mé ariamh í
D'fhága mé súileóg fhataí scarha annsin thiar inniu, ar a theacht isteach chuig mo dhinnéar dhom, agus meastú nach raibh chuile shíol ariamh ann tárluithe léithe ag franncach ar feadh agus mé a dhul soir. Istigh i leachta a bhí sí. Bheadh scéal aice air, dhá mbeadh aon-rath leis an madadh, ach níl