Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Francach
ainmfhocal, fireann
fear ón bhFrainc.
·
Bhí fear ansin thoir anuraidh. Ba Francach é — fear ón bhFrainc
Ba bheag an seasamh a rinne na Francaigh i dtús an chogaidh seo

Francach in iontrálacha eile (32)

 
Tá sí ansiúd sa gclúid agus í chomh coilgneach le francach a bheadh sáinnithe ag cat.
 
Ní casfaí aon éan cuideáin síos ar do chuid cearc. D'imigh ceann den ál orm dhá lá ó shin, agus feictear dhom go raibh sí róchuisneach róneartaithe ag na francaigh lena marú.
 
beo 1
An bhfaca tú aon áit ariamh atá beo le francaigh mar é?
 
buail
Tá an ghliomadóireacht iarmhaiseach go leor, ach tá iascairí buailte arae dheamhan a shúil le fáil ar an gcaoláire (.i. Cuan na Gaillimhe) nach bhfuil dealaithe leob ag na trólars Francacha — tá solamar le baint as gliomaigh, ach níl tada de bharr na hiascaigh. Tá a bhfuil d'iasc ar an gcuan scuabtha leob ag na báid Francacha
 
amuigh
Feicim francach amuigh ansiúd amuigh ag an gclaí
 
Chonaic mé feidheal francaigh ansin thoir inné ag an gcróín. Thabharfá luáin orthu
 
feadh
Deir tú le Francach a chonaic mé an lá cheana ag siúl siar ar feadh chíor an tí. M'anam gur shiúil go binn
 
Tá an cat sin ag forcamhás ar rud eicínt thoir ag an gcró ó mhaidin, mura francach a airíos sé ann
+
Tá círín chomh dearg air le coileach francach turkey
TUILLEADH (18) ▼
Ní fhaca tú na cearca francach seo turkey hens
Bhí tornóg (tsornóg, sornóg) fhrancach ansin thuas ag M. Bh. fadó agus é ag dó aoil inti. Is gearr ó réabadh chor ar bith í — tsornóg láidir dhéanta, agus méid inti
Nach é a shíl an tsornóg fhrancach a dhéanamh ann!
Tornógaí francach a bhíodh suas an bealach sin mar dhóidís an domhan go deo aoil le cur ar an talamh. Na tornógaí a bhíodh anseo, déanta gaelach a bhídís
Tá tornógaí francach ar an Taobh Mín ó thosaigh an cogadh seo. Deir siad nach bhfuil scolb ná tom anois ann nach bhfuil dóite acu. A Thiarna Dé, b'ann a bhí máithreach na scoilb
Tá an píopa ina thornóig fhrancach aige seo anuas. Plúchfaidh sé an tír le deatach — go leor deataí as píopa
Tá sáilín fhrancach ar an gcrú sin. 'Sé a chuir an spreacadh ann — crú a mbeadh déanamh láidir ar a sháil
Sin í an raithneach fhrancach anois agat — cineál raithní; í mór, ard agus láidir, ach is cineál gallda í mar sin fhéin
Tá aiteann francach anseo thuas — aiteann mór láidir borb, agus bláth buí air
Má chuireann tú an t-aiteann francach sin thrí lasadh, feicfidh tú loscadh sléibhe
Rinne muid gróigíní francacha den mhóin — fód ar an talamh agus dhá fhód ar a gceann trasna air; ach measaim gurb air ghróigeadh níos mó ná sin a thugtar in áiteachaí é.
B'fhearr dhuit an gróigeadh francach a thabhairt uirthi. Tá cothú an uisce an-mhór sa bplás. Dhá mbeadh sí tógtha as a scaradh chor ar bith mar sin fhéin, ní aireofá ag triomú í
Ara níl call ar bith dhuit gróigíní francach a dhéanamh di sin. Cuir ina seasamh ar a ceann í, agus ní bheidh moill ar bith uirthi go mbeidh sí in alt a hathghróigeadh
Sin uaim fhrancach atá ar an éadach sin — nuair a bheadh dhá phíosa éadaigh uaimeáilte le chéile le gúna nó ball éadaigh mar sin a dhéanamh dhíobh, agus an t-éadach a chur taobh bun os cionn agus ansin é a fhúáil. Bheadh sé fuaite roimhe sin faoina dhroim. Uaim fhrancach a thugtar ar na fuálachaí ar fad. Tugtar fuálachaí francach freisin ar fhúáil thrasna .i. nuair a bheadh na snáthaíochaí crosáilte
Luch fhrancach a bhí ann rat ach francach is mó a thugtar uirthi. Deir daoine luch fhrancach mar sin fhéin
An bhfaca tú an francach mór a bhí maraithe ar an mbóthar inné? (ach "an fhrancach mhór" freisin. Tá inscne an fhocail seo mar aidiacht idir chamánaí
Bhí francach ansin thoir inniu agus ba í an ceann ab áibhéile dhá bhfaca mé ariamh í
D'fhága mé súileog fhataí scartha ansin thiar inniu, ar a theacht isteach chuig mo dhinnéar dhom, agus meas tú nach raibh chuile shíol ariamh ann tarlaithe léithe ag francach ar feadh is mé a dhul soir. Istigh i leachta a bhí sí. Bheadh scéal aici air dhá mbeadh aon rath leis an madadh, ach níl
 
deifir
Más leat deifir a bhaint as sin, cuir francach ina phóca
 
Tá deoladh breá ag an móin inniu. Tabharfaidh sé seo faoi na creatlaigh di é. Ach dá mbeadh sí ina goigíní francacha nó an gróigeadh fada a bheith uirthi, b'amhlaidh ab fhearr a ghabhfadh sé thríthi. Tá sí róchruinnithe mar atá sí
+
drad
Tá drad francaí aige sin — drad an-ghéar
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mba sail adhmaid a leagfá aige sin, changlódh sé í. Tá drad francaí aige
 
droim
Dhá bhfairsingíodh na heasógaí chuirfidís droim díbeartha ar na luchain agus ar na francaigh. Deirimse leat gur beag an luch ná an fhrancach a lonnós san áit a mbeidh siad sin