Franncuithe
—Aidiacht-Bhriathar
—
coilgneach, madrúil, olc, taghdach.
+–
Duine franncuithe é M. Ní mórán magaidh ar bith is féidir a dhéanamh faoi nuair a bhéas sé eirithe suas in a choileachín agad
Níl sé leath cho franncuithe muise leis an athair dhá fhranncuithe dhá bhfuil sé. Sháruigh an t-athair loirgne dóite, sháruigh sin
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé cho franncuithe leis an diabhal le tada a iarraidh air, ná araoid ar bith a chur air. Dar fiadh ní dochtúr é l'aghaidh na háite. Bhídís tíriúil go leór roimhe seo, ach ná bac leo anois
Sé a d'eirigh go franncuithe chugam! Throidfeadh an geospailín siúd ingne a chos. Is furasta a aithinte air é freisin. Bíonn sé cho gruamánta le duine i gcomhnaí
Cár eirigh an t-ól leis aréir meastú? Go deimhin, níl aon-ghnatha d'aon-ól aige, ná ag fear ar bith atá cho franncuithe leis. Tá marú duine air, ar an dá luath agus a mbeidh braon caite aige