Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
francaithe
aidiacht bhriathartha
coilgneach, madrúil, olc, taghdach.
+
Duine francaithe é M. Ní mórán magaidh ar bith is féidir a dhéanamh faoi nuair a bheas sé éirithe suas ina choileachín agat
Níl sé leath chomh francaithe muise leis an athair, dhá fhrancaithe dhá bhfuil sé. Sháraigh an t-athair loirgne dóite, sháraigh sin
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé chomh francaithe leis an diabhal le tada a iarraidh air, ná araoid ar bith a chur air. Dar fia, ní dochtúr é le aghaidh na háite. Bhídís tíriúil go leor roimhe seo ach ná bac leo anois
'Sé a d'éirigh go francaithe chugam! Throidfeadh an geospailín siúd ingne a chos. Is furasta a aithinte air é freisin. Bíonn sé chomh gruamánta le duine i gcónaí
Cár éirigh an t-ól leis aréir meas tú? Go deimhin, níl aon ghnaithe d'aon ól aige ná ag fear ar bith atá chomh francaithe leis. Tá marú duine air, ar an dá luath is a mbeidh braon caite aige

francaithe in iontrálacha eile (8)

 
danra
Nach é a bhí danra anois agus gur fhuagair sé orainn a dhul amach as na garrantaí breaca ansin thuas anuraidh agus muid ag fiach ann. Cén bhrí ach gan tada iontu ach raithneach agus crígheannaí. M'anam gur fhuagair, agus gurb é a bhí francaithe freisin nuair nár fhága muid d'aon léim iad … é siúd ag magadh! Is minic leis!
 
Tá deoraí beag de mhadadh ann. Cinnín gliobach agus cluimhreach féasóige ar a bhéal, agus ní fhaca tusa in do shiúl lae ball is francaithe ná é. Shíl sé an chois a scealpadh agam an oíche faoi dheireadh, nó go dtug mé an bhróig isteach ar an drad dó. Is beag an ghrásta a bhí aici féin orm gur buaileadh é
 
dream
Tá an dream sin isteach (faoi na hoileáin) roinnt francaithe
 
Nuair a bhínn ag carraeireacht fadó, bhí lánúin thíos i bpóirse Sh. Mh. S.: píle mór millteach de bhean a bhuailfeadh a cloigeann ar an mboimbéal ansin, agus dreoláinín d'fhear nach raibh airde do ghlúin ann. Caibléirín a bhí ann agus ba francaithe an mac é. D'óladh sé a mbíodh ar a sheilbh. Nuair a bhíodh sé tite, nó ag troid sa teach ósta, théadh an bhean ina choinne, agus chaitheadh sí isteach ina naprún é go dtugadh sí abhaile é. Nár lige Dia go gcuirinnse bréag orthu. Is dóigh go bhfuil an bheirt ar shlí na fírinne le fada. Ach chonaic mé le mo dhá shúil fhéin í dhá iompar abhaile
 
díle 1
Seanfheairín beag cromtha coilgneach a bhí ann. Ba gheall le Fionntán Fáidh é nár báitheadh sa Díle, bhí féasóig chomh fada chomh liath sin air. Níor chuir mé chuige ná uaidh, ach chonaic mé ag scamhailéireacht ar ghasúir ansiúd é, agus déarfainn go mba francaithe an peata é deich mbliana is trí fichid ó shin
 
díol 2
Is beag an ghnaithe a bheadh i Meiriceá aige, áit a dtabharfaí chuile dhíol in Éirinn air, mura ndéanadh sé obair thairis siúd. Sin é an áit a bhfuil na bossannaí francaithe
 
Meas tú an bhfuil claonadh aige siúd ó dhuine ar bith — is cuma cé hé féin. Bhuel bíodh a fhios agat nach bhfuil. Más é sagart an phobail é, thug sé a dhúshlán cheana agus dheamhan araoid a chuir an sagart air ó shin. Fear francaithe ceart é
 
Tá sé an-tsáraitheach. Is mian leis a bheith ag dul duit i gcónaí nó go gcuirfidh sé faoi ndeara dhuit a chomhairle a dhéanamh de do dheoin nó de t'ainneoin. Ní maith le duine a bheith francaithe, agus de ghrá an réitigh ghéillfeá dhó, ach dheamhan géilleadh a dhéanfas mise níos mó. Thug sé i dtromásc mé cupla uair le gairid agus fhóbair mé rud a bheith ar a shon agam