Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Frasaíl
Ainmfhocal; buineann
féile; flaisc; córtas; einneach; gnaoidhiúlacht; rabairne; caifeach; drabhlásach; bruighshléacht.
+
Níl maith ar bith i bhfrasaíl. Féadfaidh duine a bheith gnaoidhiúil, gan failic a dhéanamh ar fad
Bhí cuid agus maoin aige, ach d'fhága frasaíl a mhná gan bonn bán é. Bhí an croí mór aice. Ro-mhór a bhí sé.
TUILLEADH (3) ▼
M'anam nach bhfuil frasaíl ar bith in S. Deirimse leatsa gur beag a gheobhas brabach air sin
Sí a chuid frasaíl fhéin a d'fhága mar sin é. Níor sheas an uachta dhó mórán le bliain. Nach mbíodh sé ag glaoch is chuile theach ósta san tír
Má bhíonn sé ar an bhfrasaíl sin, is gearr le dhul air a chuid saothrú. Bánóidh sé é féin

Frasaíl in iontrálacha eile (1)

 
fuacht
É fhéin ba chionntach má rug an fuacht ar an teas air. D'fhága a athair in a shuí go te é, ach d'fhága a chuid frasaíl fhéin ar a thóin é. Ní sheasfadh saibhreas Sheóirse leis sin. M'anam má dhíol sé talamh Bh. an tS. anois go bhfuil a raibh de mhuinín an tsaoil aige imithe. An chéad-áit eile a bhfeicfidh tú é, istigh ar shlata an Bhaile Mhóir agus é ag ucastóireacht, mar níos siad uiliog