Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Freochanta; Friochanta
Aidiacht
1.
a.
na súile a bheith beó agus ag síor-chorraí.
+
Tá an gasúr sin an-fhreochanta = bheadh sé ag gabhail timpeall tí ag tabhairt gach rud faoi deara
Tá na súile an-fhreochanta aige bail ó Dhia air. Ní fhaca mé aon-pháiste ariamh in a aois is freochanta a bhfuil siad aige ná é
TUILLEADH (6) ▼
Má bhí sé ar meisce muis, bhí na súile an-fhreochanta aige. Ní raibh siad marbh in a cheann mar a bhíos siad scaití eile
Cén aois an stuimpín sin? Sé bliana? Sí atá freochanta a mh'anam. Níl a dhath coimhighis uirre a thiacht isteach annseo. Dheamhan é muis
Tá sé freochanta inniu thar mar a bhí sé inné. D'aithneóchthá ar a shúile é. Ní raibh spleódar ar bith inné ann. Ach diabhal mé go mbeadh an-mheas agam air inniu. Má tá fhéin, gabhfaidh sé rite leis aon-mhaith a dhéanamh. Droch-ghalra é sin
Nach freochanta atá an coileáinín seo? Déanfaidh sé an-mhadadh. D'aithneóinn air é
Tá sí cho freochanta len a bhfaca tú ariamh. Níl aon-cheo san teach nach leagfaidh sí a súil air, mara mbeadh sí istigh ach dhá nóiméad
Tá sean-T. sách freochanta fós, th'éis an aois atá aige. Ní theigheann duine ar bith thart i ngan-fhios dó. Ach níl grinneadas ar bith fanta ann in a dheidh sin
b.
mí-shuaimhneach; mí-fhoighdeach.
+
Ná cuir araoid ar bith air. Tá sé sin te friochanta. Cá dtriallfaidh sé anois? Dheamhan a fhios aige fhéin sin chreidim, ach é indiaidh a chinn roimhe mar sin
Nach freochanta atá an laoighdín sin. Ní maith a bhí a chosa déanta aige, nuair a bhí sé ag breathnú soir thar claidhe. Má theigheann sé len a mháthair, is dual dó an bhradaíl a bheith ann. Ba é díol an chlampair í a choinneál anoir thar an gclaidhe sin ach oiread
TUILLEADH (2) ▼
Siopallach cheart í sin. Tá sí ag imeacht cho freochanta agad. Bíonn fibín uirre i gcomhnaí
Bíonn sé ag imeacht annsin cho freochanta agus a d'fheicfeá cut óg ann.
2.
na súile a bheith ag rinnce le olc; cantalach; luainneach; "te"; bunáiteach; corr-mhéiniúil; stuacach.
+
Tá sé cho giorraisc len a bhfaca tú ariamh. Chreidim dheamhan neart aige air. Bhí sé ag obair in éindigh linne, nó gur buaileadh síos é. An tinneas a rinne cho freochanta é sílim (cantalach, mí-fhoighdeach). Tá sé as a shlainte
Tá sé ro-fhreochanta. Ní fhágfaidh sé aon-duine gan cur in a aghaidh. Fear ar bith atá in a cheann posta seisean, níorbh fhuláir dó foighid naoimh a bheith aige
TUILLEADH (1) ▼
Ní hé dálta a dheirbhshíre é, tá sé cho freochanta le siúáinín an charnaoiligh. An ruifíneach bradach! Theastódh neart slaite uaidh (páiste). Níl smacht athar ná máthar air