friochanta
—aidiacht
1.
a.
na súile a bheith beo agus ag síorchorraí.
+–
Tá an gasúr sin an-fhriochanta — bheadh sé ag gabháil timpeall tí ag tabhairt gach rud faoi deara
Tá na súile an-fhriochanta aige bail ó Dhia air. Ní fhaca mé aon pháiste ariamh ina aois is friochanta a bhfuil siad aige ná é
TUILLEADH (6) ▼
Má bhí sé ar meisce muis, bhí na súile an-fhriochanta aige. Ní raibh siad marbh ina cheann mar a bhíos siad scaití eile
Cén aois an stuimpín sin? Sé bliana? 'Sí atá friochanta a mh'anam. Níl a dhath coimhthís uirthi a theacht isteach anseo. Dheamhan é muis
Tá sé friochanta inniu thar mar a bhí sé inné. D'aithneofá ar a shúile é. Ní raibh spleodar ar bith inné ann. Ach diabhal mé go mbeadh an-mheas agam air inniu. Má tá fhéin, gabhfaidh sé rite leis aon mhaith a dhéanamh. Drochghalra é sin
Nach friochanta atá an coileáinín seo? Déanfaidh sé an-mhadadh. D'aithneoinn air é
Tá sí chomh friochanta lena bhfaca tú ariamh. Níl aon cheo sa teach nach leagfaidh sí a súil air, mura mbeadh sí istigh ach dhá nóiméad
Tá seanT. sách friochanta fós, théis an aois atá aige. Ní théann duine ar bith thart i ngan fhios dó. Ach níl grinneadas ar bith fanta ann ina dhiaidh sin
b.
míshuaimhneach; mífhoighdeach.
+–
Ná cuir araoid ar bith air. Tá sé sin te friochanta. Cá dtriallfaidh sé anois? Dheamhan a fhios aige fhéin sin chreidim, ach é i ndiaidh a chinn roimhe mar sin
Nach friochanta atá an laoidín sin. Ní maith a bhí a chosa déanta aige nuair a bhí sé ag breathnú soir thar claí. Má théann sé lena mháthair, is dual dó an bhradaíl a bheith ann. Ba é díol an chlampair í a choinneáil anoir thar an gclaí sin ach oiread
TUILLEADH (2) ▼
Siopallach cheart í sin. Tá sí ag imeacht chomh friochanta agat. Bíonn fibín uirthi i gcónaí
Bíonn sé ag imeacht ansin chomh friochanta agus a d'fheicfeá cat óg ann.
2.
na súile a bheith ag rince le olc; cantalach; luaineach; "te"; bunáiteach; corrmhéiniúil; stuacach.
+–
Tá sé chomh giorraisc lena bhfaca tú ariamh. Chreidim dheamhan neart aige air. Bhí sé ag obair in éindí linne nó gur buaileadh síos é. An tinneas a rinne chomh friochanta é sílim (cantalach, mífhoighdeach). Tá sé as a shláinte
Tá sé rófhriochanta. Ní fhágfaidh sé aon duine gan cur ina aghaidh. Fear ar bith atá ina cheann posta seisean, níorbh fholáir dó foighid naoimh a bheith aige
TUILLEADH (1) ▼
Ní hé dálta a dheirfíre é, tá sé chomh friochanta le siobháinín an charn aoiligh. An ruifíneach bradach! Theastódh neart slaite uaidh (páiste). Níl smacht athar ná máthar air
friochanta in iontrálacha eile (7)
→
faiteach
Nach í atá faiteach anois nach dtaobhódh duine. M'anam nach bhfuil an deirfiúr eile amhlaidh: gurb í atá friochanta, téisiúil agat!
→
deara
Sin é an buachaill a bhfuil an tabhairt faoi deara ann. Tá sé in ann chuile dhuine a chóiriú ar chaoi ar bith. Ach thiocfadh dhó. Tá dhá shúilín chomh friochanta aige!
→
dearc
Ní theagann iamh air ach na súile beaga friochanta siúd i gcónaí ag dearcadh ar chuile rud: i gcónaí i gcónaí
→
téigh le
Cé leis a bhfuil sé ag dul meas tú. Déarfaidís seo gur liomsa é, ach feictear dhom go bhfuil súile friochanta an athar aige agus an smig