Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fraotháil, Fríotháil
Ainm Bhriathar, Briathar
fr leathan: Cois Fharraige; ach san áit a gcaoluítear f. leathan — Camas, Rosmuc, Bun na gCnoc agus rl — fríotháil adeirtear, fearacht fíobhar (faobhar), feólaim (fólaim) agus rl. Fraothálaí, fríothalaí ar an gcóir chéanna
na freagraí Laidne a thabhairt don tsagart ar an altóir le linn an Aifrinn, agus freastal air (ní abruíthear leis sin ach fraotháil, agus ní abruíthear le rud ar bith eile é).
a.
+
Cé a bhí ag fraotháil inniu? = cé a bhí ag fríotháil an Aifrinn inniu?
An bhfuil tú indon an t-Aifreann a fhríotháil?
TUILLEADH (2) ▼
Nach bhfriothálfaidh tusa (an t-Aifreann) dhó
Fraothálann sé an t-Aifreann chuile Dhomhnach
b.
·
Ar múineadh fraotháil an Aifrinn ariamh duit?
D'fhólaim sé fraotháil an Aifrinn ag an scoil, ach níor fhraotháil mé aon-Aifreann ariamh in a dheidh sin

Féach freisin