Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
friotháil
ainm briathartha, briathar
fr leathan: Cois Fharraige; ach san áit a gcaolaítear f leathan — Camas, Ros Muc, Bun na gCnoc srl. — fríotháil adeirtear, fearacht fíobhar (faobhar), feolaim (foghlaim) srl. Friothalaí ar an gcóir chéanna.
na freagraí Laidne a thabhairt don tsagart ar an altóir le linn an aifrinn agus freastal air (ní abraítear leis sin ach friotháil, agus ní abraítear le rud ar bith eile é).
a.
+
Cé a bhí ag friotháil inniu? — cé a bhí ag friotháil an aifrinn inniu?
An bhfuil tú in ann an t-aifreann a fhriotháil?
TUILLEADH (2) ▼
Nach bhfriothálfaidh tusa (an t-aifreann) dhó
Friothálann sé an t-aifreann chuile Dhomhnach
b.
·
Ar múineadh friotháil an aifrinn ariamh duit?
D'fhoghlaim sé friotháil an aifrinn ag an scoil, ach níor fhriotháil mé aon aifreann ariamh ina dhiaidh sin

Féach freisin