Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fraothálaí, Fríothalaí
an buachaill a thugas na freagraí Laidne ar an sagart le linn an Aifrinn, nó Beannacht na Sacraiméide, nó a leithidí; an cléireach.
·
Déarfadh sé an t-Aifreann ní ba thúisce, ach ní raibh aon-fhraothálaí aige. Bíonn neart cléireachaí ann scaití, agus scaití eile ní féidir duine ar bith a fháil (deirtear cléireach agus fraothálaí, ach cléireach is mó adeirtear)