friothalaí
—
an buachaill a thugas na freagraí Laidne ar an sagart le linn an aifrinn, nó Beannacht na Sacraiméide, nó a leithidí; an cléireach.
·
Déarfadh sé an t-aifreann ní ba thúisce ach ní raibh aon fhriothálaí aige. Bíonn neart cléireachaí ann scaití, agus scaití eile, ní féidir duine ar bith a fháil (deirtear cléireach agus friothálaí, ach cléireach is mó adeirtear)