Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Flith-gháire (frithgháire)
meanga; lonnadh beag gáire. Is gáire fonóideach nó gáire magúil é scaití.
+
Tuige an flith-gháire? An síleann tú gur dóigh mhagaidh mise? Má shíleann muis tá mearúl ort
Dheamhan iadhadh a tháinig air ach ag flith-gháire. Dar leat fhéin gur ag iarraidh a bheith ag magadh fút a bheadh sé. 'Ar ndó' bheadh dhá bhféadadh
TUILLEADH (3) ▼
Nach diabhlaí an frith-gháire a bhíos ort i gcomhnaí thar dhuine ar bith. Béidh a shliocht ort: brisfidh duine eicínt an smaois agad dhá fhad go dtí é
D'aithneóinn go maith air agus an fonn frith-gháire a bhí air, nach raibh sé ach ag séideadh fúinn. Sin é a bhéas sin. Mar dhóigh dhe gur leath-cheanna 'chuile dhuine len a ais fhéin! Ba bheag an frith-gháire a dhéanfadh sé muis an oíche ar ionnsaigh S. Gh. é. Bhí rud thar gháire ar a aire an oíche sin!
Bíonn sí ag frith-gháire mar sin i gcomhnaí. Is mór an slacht léithi é, dar léithi fhéin. Cén dochar? Ní bhaineann sí duinn

Féach freisin