flithgháire frithgháire
—
meangadh; lonnadh beag gáire. Is gáire fonóideach nó gáire magúil é scaití.
+–
Tuige an flithgháire? An síleann tú gur dóigh mhagaidh mise? Má shíleann muis, tá mearbhall ort
Dheamhan iamh a tháinig air ach ag flithgháire. Dar leat fhéin gur ag iarraidh a bheith ag magadh fút a bheadh sé. Ar ndóigh bheadh dhá bhféadadh
TUILLEADH (3) ▼
Nach diabhlaí an frithgháire a bhíos ort i gcónaí thar dhuine ar bith. Beidh a shliocht ort: brisfidh duine eicínt an smaois agat dhá fhad go dtí é
D'aithneoinn go maith air agus an fonn frithgháire a bhí air, nach raibh sé ach ag séideadh fúinn. Sin é a bhéas sin. Mar dhóigh dhe gur leathcheanna chuile dhuine lena ais fhéin! Ba bheag an frithgháire a dhéanfadh sé muis an oíche ar ionsaigh S. Gh. é. Bhí rud thar gháire ar a aire an oíche sin!
Bíonn sí ag frithgháire mar sin i gcónaí. Is mór an slacht léithe é, dar léithe fhéin. Cén dochar? Ní bhaineann sí dúinn