Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Flith-mheárdáin: Frith-mheardáin
tochas a theagas i gcosa páistí. Bíonn siad ite leis an tochas dhá mbarr. Déanann na cosa lochíní uisce de bharr an scríobadh scaití. Cineál míolfairt nó cruimhín é an frith-mheárdán. Bíonn sé ag snámh idir fheoil agus leathar.
+
Tá a bhfuil san teach agamsa thar bharr a gcéille ag na flith-mheárdáin. Níl foras orra ach ag scríobadh agus ag tochas ó mhaidin go faoithin. Agus ó oíche go maidin
Ní grís é sin chor ar bith ach frith-mheárdáin. Ní beag dhuit a dhonacht. Tá siad sin fhéin sách biorránach
TUILLEADH (2) ▼
Fágh cupóigín de bhilleóig shráide, agus cur le na frith-mheárdáin sin í. B'fhéidir go dtarraingeódh sí iad
Más flith-mheárdáin atá ort fan ón teas. Níl uair ar bith is measa iad nó an uair a theangós teas leo. Sháróidís thú le tochas. Gheobhfá rud ón bpoiticéara a leigheasfadh iad sin.

Féach freisin