flithmheardán, frithmheardán
—
tochas a theagas i gcosa páistí. Bíonn siad ite leis an tochas dhá mbarr. Déanann na cosa lochíní uisce de bharr an scríobadh scaití. Cineál míolfairt nó cruimhín é an frithmheardán. Bíonn sé ag snámh idir fheoil is leathar.
+–
Tá a bhfuil sa teach agamsa thar bharr a gcéille ag na flithmheardáin. Níl foras orthu ach ag scríobadh agus ag tochas ó mhaidin go faoithin. Agus ó oíche go maidin
Ní grís é sin chor ar bith ach frithmheardáin. Ní beag dhuit a dhonacht. Tá siad sin fhéin sách bioránach
TUILLEADH (2) ▼
Faigh copóigín de bhileoig shráide agus cur le na frithmheardáin sin í. B'fhéidir go dtarraingeodh sí iad
Más flithmheardáin atá ort, fan ón teas. Níl uair ar bith is measa iad nó an uair a theangós teas leo. Sháróidís thú le tochas. Gheofá rud ón bpoiticéara a leigheasfadh iad sin.