Fruigisí: Freigisí: Frugaisí
—Ainmfhocal san Iolraidh
—Tá na trí leagan ann
—
a.
deiseacht, slacht, ornáidí, deisiú le cois nó thar mar is gá ar éadach, ar stocaí, ar róthair, ar thithe, ar chaint etc.
+–
Tá frugaisí ar na stocaí aice síos sna colpaí = gan iad a bheith déanta sleamhain; lúba corracha, agus lúba ionntaithe etc a bheith ionta; slacht a bheith ar an gcniteáil
Ní bhíonn freigisí ar stocaí anois cho coitianta agus a bhíodh fadó. An déanamh sleamhain a thugtar orra ar fad ar an saol seo. Dheamhan a bhfuil sé de stuaim sna mná atá ann anois freigisí a chur ionta
TUILLEADH (10) ▼
Ní mór fruigisí beaga ar thaobh na honóra den gheansaí sin. Ná bac leis an taobh thiar. Ní fheicfidh aonduine é = slacht agus ornáidí a chur ar an taobh abhfus nó an taobh a bheadh as comhair an tsaoil
Chuirtí fruigisí breá ar na léinteachaí fadó. Bhídís faoi phléataí anuas ar fad ar an taobh a bhfus ach sleamhain atá siad uilig anois, mar is léinteachaí siopa is mó atá ann. D'fheicfeá na sean-fhruigisí ann i gcomhnaí ar léine T. Mh. Tá a bhean sin indon a ndéanamh. Sí atá deas air!
Tá léinteachaí na bfrugaisí caite in aer. Diabhal a bhfuil sé achar ar bith ó a rinne mise ceann aca do Sheán annseo, ach dheamhan a chos a chaifeadh í. "Leis an tír a bheith ag tabhairt sunntais dom", adeir sé. "Ní bhíonn siad sin anois ach ar shean-daoine". "T'anam cascarha ón diabhal" adeirimse leis. "Tá sí sách maith agad. Chaith fir ab fhearr ná thú iad, agus ba bheag an locht a bhí aca orra".
Sén chaoi a bhfuil na freigisí sin ag cur an ghúna as a shlacht. Tá an iomarca aca ann. Bain as a leath
Óbhó go deo nach ar a cuid éadaigh atá an frugaisí. Dhéanfadh sí cúis mhaith d'uireasa a leath
Gúna fruigisí a bhí uirri. Ba deas é
Ní chuirtear na freigisí sin anois ar chótaí cóirithe chor ar bith. Dheamhan cóta gibíneach a chonnaic mé le mo chuimhne. Ba dheas iad na gibíní
Tá na seálta fruigisí ag dul i léig. Seálta dubha is mó atá ag teacht amach anois. Chreidim gurb iad is fhearr l'aghaidh na strácála, agus nach mbíonn an salachar cho sunntasach orra le na seálta eile
Cé a chuir an freigisí sna stocaí dhuit? … Ba deas a rinne sí iad. Bean mhaith aráin agus abhrais í sin, agus ghreamaigh sí di. Bhí na Catháin uilig amhlaidh
Ní theastaíonn aon-fhrugaisí ó thaobh bun as cionn. Ní fheicfear é
+–
Is diabhalta an lear fruigisí atá ar an "mbicycle" sin agad. Seo é an "three speed" an é? Cé l'aghaidh an bícéad eile seo?
Ní dhéanann sé buille maitheasa ach ag cur caoi ar an "mbicycle" atá aige, ag cur iongáis agus freigisí air. Agus ní túisce thuas aige iad ná anuas aríst
TUILLEADH (7) ▼
Is iontach an lear frugaisí atá san seomra siúd aice. Is seomra urnáilte é. Ní leigfeadh sí isteach ann thú gan do bhróga a bhaint dhíot!
Ach cén sórt fruigisí atá sé [seo] thíos a chur ar an teach? … Rud l'aghaidh solais a thabhairt isteach ann! An n-éistfidh tú liom! Solas mar atá sna tithe i nGaillimh, nach bhfuil ort ach cnaipe a chasadh agus beidh sé lasta! Muise muise! San saol a tháinig sé! Agus nach raibh aige go dtí an bhliain cheana ach fáideógaí agus cam! Tá na caisleáin ag tuitim agus na carnaoilíochaí ag eirí inDomhnach!
Ní iarrfadh sé go deó ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leór, ach caitheann sé a shaol ag cipiléaracht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leó. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shoin, agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann, agus nach raibh an oiread áite fágha aige ann san deireadh agus go suíofadh sé síos! B'éigin dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais!
Sin é an ciseadóir! Rinne sé ciseán domsa annseo fadó, agus chuir sé an oiread frugaisí air, agus nach ngabhfadh mo láimh síos ann! B'fhada a chaith sé thiar annsin san seomra. Bhí sé ro-dheas le dhul ag strachailleacht leis
Tá go leór fruigisí ar an mótar nua sin a cheannaigh sé! Go dtí an "radio" féin tá sé ann!
Is diabhlaí an lán fruigisí atá ar an gclog sin.
Ní thaithníonn na freigisí nua-aosach sin chor ar bith liom. Bheadh déanamh maith ag duine dhá bhfuireasa
+–
Ní mian leis scéal ar bith a innseacht gan go leór frugaisí a chur air = áibhéil, corannaí agus casaíochaí, "ornáidí". (Is droch-mheas ar scéal é)
Bíonn an t-uafás go deó fruigisí aige ar an bpaidrín. Diabhal sinnsir dhá dtáinig ariamh leis nach gcuireann sé faoi bhrí na guidhe. Choinnigh sé dhá uair ar ar nglúine muide. Mh'anam gurb shiúd é a rinne an ránn dó agus nach hí Áine den fhaoistean
TUILLEADH (2) ▼
Leig de do chuid frugaisí cainte anois! Tá ar ndíol dhi sin cloiste againn.
Nach bhféadfá a rá go ndeárna tú é, nó nach ndeárna agus gan bacadh le leath na bhfrugaisí sin! Diabhal aithne ort nach thar sheacht míle d'fharraige théachtaithe a chaith tú a dhul in a choinne!
b.
cóirí catha, gaileamaisíocht, bealaigh beaga, suimiúleacht etc.
+–
Tá an iomarca freigisí uilig ag an gceann céanna. Mharódh sé le cóirí catha thú. = gaileamaisíocht; suimiúlacht; bealaigh beaga corra a bheith leis
Ní thaithníonn an bhean chéanna chor ar bith liom. Is fruigisí í ar fad. Ní fhéadfadh sí a iarraidh ort suí isteach ag cupán tae, gan biodáin a dhéanamh faoi. Diabhal a leithide de chaoi!
TUILLEADH (1) ▼
Tá an iomarca fruigisí agus suimiúlacht ar fad ag siúl leis. Duine ar bith a mbíonn talamh mar sin faoi, ní thaithneódh sé liom fhéin
Fruigisí in iontrálacha eile (1)
Tá tú ag deismínteacht leis fós. Tá sé in am agad feasta do dhóthain slaicht a bheith air. InDomhnach dhéanfadh geansaí a mbeadh i bhfad ní ba lugha fruigisí ná sin air mise. Níl tada ar an taobh thiar agad. Is cuma é ach taobh na h-onóra a bheith go deas!