Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deismínteacht
ainm-fhocal, buineann
ainm-bhriathar
puinteáilteacht; ag cur slaicht ar rud; ag sceacháil suas rud.
a.
+
Tá sé ag deismínteacht ar fud an tighe indiu. Níl a fhios agam nach ag cur suas "paint" atá sé. Is aca a bhéas an sagart an chéad uair eile
Beidh seachtain ar a laghad ar bith air anois ag deismínteacht timcheall na h-iothlann. An bhfuil fear ar bith faoi na brait is puinteáilte ná é? Má tá níl a fhios agamsa é. Ní chodlóchadh sé suaímneach mara mbeadh an iothlainn sin in a garrdha mór aige (fc. garrdha mór)
TUILLEADH (1) ▼
Déan bord breagh láidir tacamhail agus ná bac leis an deismínteacht sin a chuir tú ar an mbord a rinne tú annseo thíos. Ní deismínteacht a thastuigheas uainne, ach bord nach dtiubharfaidh uaidh. Chreidim nach daoine uaisle a chasfar againn, nach h-eadh sin
b.
ag dul do rud in ainm agus a bheith ag cur slaicht air, ach gur mó a bheitheá a mhilleadh ná a leasú faoi go minic; in ainm agus a bheith ag deisiú rud.
+
Cé'n sórt deismínteacht atá agad léithe anois. Tá sí sáthach maith. Má bhaineann tú mórán eile de'n leathar di annsin, beidh mo chuid oibre uiliog millte agad, agus an bhróig ó rath aríst. Faitíos atá ort nach bhfuil sí sáthach deas!
Chaith sé ag deismínteacht leis an gcoca, ag tarraingt slamannaí as, nó go raibh sé cho corrach aige, agus go mb'éigin maide a chur faoi len a choinneál ó thuitim
TUILLEADH (6) ▼
Má's leat fanacht léithe sin, is fada an fanacht a bhéas ort. Caithfidh sí sin an lá ag deismínteacht len a cuid éadaigh, ag iarraidh spéir na gréine a dhéanamh dhi féin
Chuir sé suas an t-ainm i dtosach agus bhí sé dhá chur suas agus dhá bhaint anuas annsin, ag deismínteacht leis, nó gur mhill sé ar fad é
Eirigh as. Millfidh tú é le do chuid deismínteacht'. B'fhearr duit go fada é a fhágáil mar a bhí sé ar dtús, ach tá sé de bheith ort go gcaithfidh tú a dhul ag laimhseáil 'chuile shórt
Dhá bhfágadh sé an teach mar a bhí sé nuair a rinneadh é, agus leigean dhá chuid deismínteacht' leis, b'fhearrde an teach é. 'Gcuiridh Dia an rath ort agus breathnuigh anois. Nach bhfuil an oiread dathannaí aige air agus atá ins an mbogha báistighe!
Tá tú ag deismínteacht leis fós. Tá sé in am agad feasta do dhóthain slaicht a bheith air. InDomhnach dhéanfadh geansaí a mbeadh i bhfad ní ba lugha fruigisí ná sin air mise. Níl tada ar an taobh thiar agad. Is cuma é ach taobh na h-onóra a bheith go deas!
Tá sé ag deismínteacht leis