Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fruch Frach
dhá fhocal a theigheas le chéile
fuadar: fuile faile: anbhá: driopás: forú: luainneachas: ag dul anonn agus anall le deifir, olc agus rl.
+
Níor chuimhnigh mo chroí an cléibhín a thabhairt anuas agaibh leis an bhfruch frach faoin aonach ar maidin. Bhí sé siúd in a shuí ag an sé a chlog, agus shílfeá nach mbeidh breith go deó aige a bheith amuigh as an teach. Ní raibh duine ná deóraí thoir ar chlár an aonaigh roimhe
Cén sórt fruch frach atá air seo thuas inniu? Tá sé ag dul ón ngarraí go teach, agus ón teach go garraí, chuile phuinnte dhá mbaineann clog agus "watch".
TUILLEADH (2) ▼
Bhí fruch frach air ar maidin go dteigheadh sé ag cur choirce isteach. Ba é a lá é muis. Sin é an coirce a bheadh téite dhá gcuirthí isteach inniu é
Sin í a cheird i gcomhnaí: fruch frach mar sin air. Ní fhaca tú aon-duine ariamh is antlásaí ná é. Bíonn teas an aithinne in a thóin ag dul ag déanamh chuile rud. Agus ní len a fhoghail é. Dheamhan maith a fheiceas muid ar a gharraí, ach an oiread le duine ar bith eile
·
Tháinig fruch frach air agus an corp dhá thógáil amach. Shílfeá gur duine é a mbeadh saochan céille air. Dúirt sé nar cuireadh a mháthair i gconra mar ba cheart. Ba é a thráth é, agus an chonra dúinte, ba é sin
Seo níl aon-ghnatha agad fruch frach a theacht ort ar aon-chor. Tá an mhísc déanta anois. Buail isteach go dtí é, agus abair narbh é do chionn tsiocair é, ach go ndeasóidh tú dhó é. Is fhearr sin ná a dhul dhá cheilt air. Gheobhaidh sé amach ar aon-chor gur briseadh é. Níl an oiread fascadh san té a bhris é, agus go bhféadfadh sé a bhéal a choinneál ar a chéile. Innseóidh sé sin don tír é. Is claibín muilinn ceart é