Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fruch frach
dhá fhocal a théas le chéile
fuadar, fuile faile, anbhá, driopás, furú, luaineachas; ag dul anonn is anall le deifir, olc srl.
+
Níor chuimhnigh mo chroí an cléibhín a thabhairt anuas agaibh leis an bhfruch frach faoin aonach ar maidin. Bhí sé siúd ina shuí ag an sé a chlog, agus shílfeá nach mbeidh breith go deo aige a bheith amuigh as an teach. Ní raibh duine ná deoraí thoir ar chlár an aonaigh roimhe
Cén sórt fruch frach atá air seo thuas inniu? Tá sé ag dul ón ngarraí go teach, agus ón teach go garraí, chuile phointe dhá mbaineann clog agus watch.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí fruch frach air ar maidin go dtéadh sé ag cur choirce isteach. Ba é a lá é muis. Sin é an coirce a bheadh téite dhá gcuirthí isteach inniu é
Sin í a cheird i gcónaí: fruch frach mar sin air. Ní fhaca tú aon duine ariamh is antlásaí ná é. Bíonn teas an aithinne ina thóin ag dul ag déanamh chuile rud. Agus ní lena fhoghail é. Dheamhan maith a fheiceas muid ar a gharraí ach an oiread le duine ar bith eile
·
Tháinig fruch frach air agus an corp dhá thógáil amach. Shílfeá gur duine é a mbeadh saochan céille air. Dúirt sé nár cuireadh a mháthair i gcónra mar ba cheart. Ba é a thráth é, agus an chónra dúnta, ba é sin
Seo níl aon ghnaithe agat fruch frach a theacht ort ar aon chor. Tá an mhísc déanta anois. Buail isteach go dtí é agus abair nárbh é do chionn tsiocair é, ach go ndeasóidh tú dhó é. Is fhearr sin ná a dhul dhá cheilt air. Gheobhaidh sé amach ar aon chor gur briseadh é. Níl an oiread foscadh sa té a bhris é agus go bhféadfadh sé a bhéal a choinneáil ar a chéile. Inseoidh sé sin don tír é. Is claibín muilinn ceart é