Froisín
—Ainm-fhocal; fireann
1.
"súisín"; scéal; cúrsa.
·
Mara bhfagha an fear sin sásamh san gcúirt, níl a fhios agamsa cén fhroisín é = cén scéal é; mara bhfagha sé sásamh is aisteach an scéal é (súisín = "níl a fhios agamsa cén súisín é" — adeirtear go hiondúil mar seo)
Má tá sé sin ag dul ag pósadh anois agus é in a shean-fhear chríon liath, níl a fhios agamsa cén froisín é
2.
troid siúite; díbliú; "an teanga"; a fháil faoi na foraí; a fháil "garbh".
+–
Dhá n-abruíodh muid faice bhí froisín le fáil againn = gheobhadh muid liobairt den teanga, nó bualadh b'fhéidir; bheadh scéal againn air
Thug an sagart froisín eile dhó inniu. Tuilleadh diabhail aige! Is maith an aghaidh air é agus é féin dhá thuilliúint
TUILLEADH (4) ▼
Tá froisín geallta aige dhomsa má chastar an bealach seo é. Ach dar diacaí má leagann sé barr a láimhe ormsa ní bheidh aige ach malrait.
Gheobhaidh tú froisín ó'n máistir amáireach mara mbeidh do chuid teagasc Críostaí agad. Beidh "te te" ann tá faitíos orm
Tugann sé froisín achrainn don bhean anois agus aríst, nuair a chinneas chuile dhuine eile air. Ní beó é gan a bheith i gcomhnaí ag sceaimhínteacht.
Mara mbeidh sib isteach annseo ag an bpáidrín anocht, gheobhaidh sib froisín maith ón bhur n-athair. Is beag an dochar daoibh náire a bheith oraibh dhá gcailleadh féin ar bhóithrí ó oíche go maidin
Froisín in iontrálacha eile (4)
→
fóideog
Cho luath agus a thosaigh sé ag baint na bhfóideógaí, bhí a fhios agam féin cén froisín a bhí in áirid dom, agus chrap mé liom ar an toirt. Ghlaoidh sé orm cupla uair, ach níor leig mé orm fhéin gur chuala mé beag ná mór é.
→
daor 3
Chuala mé go mb'éigin ceangal na naoi ndaora go daor agus go docharach a chur ar an bhfear dubh seo thuas ins an oíche Dé Domhnaigh. Bhí braon ins an stuaicín aige in áit a raibh sé thiar ag na cleamhnaidhthe, agus ar a theacht aniar dó, ba mhian leis a dhul suas agus píosaí pighne a dhéanamh de lucht an aird. B'éigin glaodhach ar cheathar len a cheannsú … Dar mo choinsias, ar a mhaga sin féin, b'éigin a cheangal. Bhí sé ag strócadh ag iarraidh a dhul suas. 'Ar ndú mo léan dá dteigheadh, gheobhadh sé froisín thuas. Siúd iad na diabhail chéadna nach mórán éisteacht' a bheadh aca leis
→
dealaigh
Níl na ciarógaí dealuighthe go fóill, aindeoin an chaoi a chuir an dochtúr siúd ar an teach. Ó a rinneadh é sin leis, níor chuala mé aon-chr[...]g[...] ann ó shoin. Is cosamhail gur mharbhuigh sé iad. Shíl mé go dtiubharfadh sé froisín faoi na ciarógaí freisin, ach níor thug, nó má thug tá siad ar ais aríst
Tá díogarnach eicínt torainn thíos ins an bhF. Meastú ab iad na h-asail a bheadh istigh ann aríst. Má siad muis gheobhaidh siad froisín