fruisín
—ainmfhocal, fireann
1.
súisín; scéal; cúrsa.
·
Mura bhfaighe an fear sin sásamh sa gcúirt, níl a fhios agamsa cén fhruisín é — cén scéal é; mura bhfaighe sé sásamh is aisteach an scéal é (súisín — "níl a fhios agamsa cén súisín é" — adeirtear go hiondúil mar seo)
Má tá sé sin ag dul ag pósadh anois agus é ina sheanfhear chríon liath, níl a fhios agamsa cén fruisín é
2.
troid siúite; díbliú; an teanga; a fháil faoi na foraí; a fháil garbh.
+–
Dhá n-abraíodh muid faice bhí fruisín le fáil againn — gheobhadh muid liobairt den teanga, nó bualadh b'fhéidir; bheadh scéal againn air
Thug an sagart fruisín eile dhó inniu. Tuilleadh diabhail aige! Is maith an oidhe air é agus é féin dhá thuilliúint
TUILLEADH (4) ▼
Tá fruisín geallta aige dhomsa má chastar an bealach seo é. Ach dar diagaí má leagann sé barr a láimhe ormsa, ní bheidh aige ach malrait.
Gheobhaidh tú fruisín ón máistir amárach mura mbeidh do chuid teagasc Críostaí agat. Beidh "te te" ann tá faitíos orm
Tugann sé fruisín achrainn don bhean anois agus aríst nuair a chinneas chuile dhuine eile air. Ní beo é gan a bheith i gcónaí ag sceaimhínteacht.
Mura mbeidh sibh isteach anseo ag an bpaidrín anocht, gheobhaidh sibh fruisín maith ón bhur n-athair. Is beag an dochar daoibh náire a bheith oraibh dhá gcailleadh féin ar bhóithrí ó oíche go maidin
fruisín in iontrálacha eile (6)
→
fóideog
Chomh luath agus a thosaigh sé ag baint na bhfóideogaí, bhí a fhios agam féin cén fruisín a bhí in áirid dom agus chrap mé liom ar an toirt. Ghlaoigh sé orm cupla uair, ach níor lig mé orm fhéin gur chuala mé beag ná mór é.
→
daor 3
Chuala mé go mb'éigean ceangal na naoi ndaora go daor agus go dochrach a chur ar an bhfear dubh seo thuas san oíche Dé Domhnaigh. Bhí braon sa stuaicín aige an áit a raibh sé thiar ag na cleamhnaithe, agus ar a theacht aniar dó, ba mhian leis a dhul suas agus píosaí pínne a dhéanamh de lucht an aird. B'éigean glaoch ar cheathar lena cheansú … Dar mo choinsias, ar a mhagadh sin féin, b'éigean a cheangal. Bhí sé ag stróiceadh ag iarraidh a dhul suas. Ar ndóigh mo léan dá dtéadh, gheobhadh sé fruisín thuas. Siúd iad na diabhail chéanna nach mórán éisteachta a bheadh acu leis
→
dealaigh
Níl na ciarógaí dealaithe go fóill, ainneoin an chaoi a chuir an dochtúr siúd ar an teach. Ó rinneadh é sin leis, níor chuala mé aon chr[...]g[...] ann ó shin. Is cosúil gur mharaigh sé iad. Shíl mé go dtabharfadh sé fruisín faoi na ciarógaí freisin, ach níor thug, nó má thug tá siad ar ais aríst
Chuaigh siad siar oíche ag dolaíocht ar abhainn Ch. Bhí eangach an-mhór go deo acu. Níl a fhios cén dol a thug siad leo an oíche sin. Deir siad nach taobh le chúig nó sé de chéadta a bhí siad … Ar ndóigh dhá mbeirtí orthu gheobhaidís fruisín, ach níor rugthas. Mo ghrá iad. Bheadh ciall ina leithidí seachas an dream atá thart anseo nach ligfeadh an faitíos dóibh breathnú síos thar shlat an droichid aimsir síolraithe
Cé leis an madadh droimeannach sin atá ag guairdeall ansin amuigh. Is madadh é muise a bhfuil a leas ar Dhia nó gheobhaidh sé fruisín uaimse. Tharraing mé iarraidh de chasúr air ar maidin agus chuaigh mé fhoisceacht mbeannaí Dia dhó, ach thug sé an eang leis ina dhiaidh sin. Meas tú nár dhúisigh sé as mo chodladh mé: ag cangailt an dorais ar a mhine ghéire — madadh droimeannach — madadh a mbeadh droiminn bhán nó bhuí nó eile ann de réir an datha a bheadh air faoina bholg agus ina thaobhanna agus ina ucht
Tá díogarnach eicínt torainn thíos sa bhF. Meas tú ab iad na hasail a bheadh istigh ann aríst. Más iad muis gheobhaidh siad fruisín