Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Frídeóir
Ainm fhocal, Fireann
1.
duine beag dona éitreórach; duine nach mbeadh oiread na fríde ann; duine nach mbeadh sé de rath air ach siobáil no giotamáil fhánach oibre a dheanamh de bharr laige nó neamh-théagar. "Frídeóirín" a thugtar ar an bhfocal seo go minic.
+
Níl ann ach frídeóir de dhuine agus in a dhiaidh sin fhéin, is diabhlaí go deó an gníomh atá ann. M'anam mara bhfuil gabhail na gaoithe ann go bhfuil déanamh na ngnaithí ann, go bhfuil sin.
Diabhal an féidir go bpósfadh sí an frídeóir sin. A leithide de bhunnán (bhuinneán) de bhean bhreá. 'Ar ndó' thiúrfadh sí léithi in a naprún é. Chuir sé artha an dul amú ceart di, chuir sin
TUILLEADH (2) ▼
Is beag é do mheas ar an bhfrídeóir, ach deirimse leat gurb shin é an gnaithíoch. Marach é sin is fadó ariamh an lá a bheidís de dhruim tí. Maidir le bheith i gcleithiúnas an mhac is sine! Bheidís ar deireadh muis! Dheamhan déantús maitheasa ar bith annsin!
Cérb as a dtáinig an frídeóir a fheicim ann na laethantaí seo? Diabhal lán de ghlaice ann
+
Sharaí dhó, an frídeóirín! 'Ar ndó, ní foghail fir atá sé sin indon a dhéanamh i ngarraí! M'anam muise nach cheal leithid ná talúna é in a dhiaidh sin
Ní dhéanann an frídeóirín eile siúd ann, ach siobáil bheag timpeall an tí: rud a thabhairt do chearca agus do laoghanntaí, agus an luaith a chur amach. 'Ar ndó' ní indon a dhul i ngarraí atá sé! Is fada uaidh é
TUILLEADH (1) ▼
Ara is beag é a dhicheall an frídeóirín bocht caillte. 'Ar ndó' ní meáchan atá sé siúd indon a thógáil. Ceó ar bith ach go dtiúrfadh sé do bhéilí chugad san ngarraí. Sin é an méid.
2.
cineál bloc nó deis ar chrann seoil báid, leis an seól a chur i gcrann, nó a oibriú. Bíonn roithíní beaga istigh ann. Oibríonn na téadrachaí orra sin.
+
Bádh annsin thoir í (bád). Chuaigh sí go frídeóir i bhfarraige ann. Ní raibh aníos ach cuid den chrann
Bhí farraige cháite dhá cur go frídeóir orainn le gaoith bhoird. Shíl mé nach sáródh muid choichín é. Ach bhí togha an bháid againn. Níor mhór dhuinn fhéin go raibh.
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh sí go frídeóir i bhfarraige ar an gcéad-amhóig in Éirinn. Shíl mé go raibh muid réidh. Dheamhan muise gurb shin é an lá a raibh mise idir an t-aighre agus an tanaí ceart críochnaithe. Ach d'eirigh linn a ceannsú in a dheidh sin