frídeoir
—ainmfhocal, fireann
1.
duine beag dona éidreorach; duine nach mbeadh oiread na fríde ann; duine nach mbeadh sé de rath air ach siobáil no giotamáil fhánach oibre a dhéanamh de bharr laige nó neamhthéagar. Frídeoirín a thugtar ar an bhfocal seo go minic.
+–
Níl ann ach frídeoir de dhuine, agus ina dhiaidh sin fhéin, is diabhlaí go deo an gníomh atá ann. M'anam mura bhfuil gabháil na gaoithe ann go bhfuil déanamh na ngnaithí ann, go bhfuil sin.
Diabhal an féidir go bpósfadh sí an frídeoir sin. A leithide de bhunán (bhuinneán) de bhean bhreá. Ar ndóigh thabharfadh sí léithe ina naprún é. Chuir sé ortha an dul amú ceart di, chuir sin
TUILLEADH (2) ▼
Is beag é do mheas ar an bhfrídeoir, ach deirimse leat gurb in é an gnaithíoch. Murach é sin is fadó ariamh an lá a bheidís de dhroim tí. Maidir le bheith i gcleithiúnas an mhac is sine! Bheidís ar deireadh muis! Dheamhan déantús maitheasa ar bith ansin!
Cérb as a dtáinig an frídeoir a fheicim ann na laethantaí seo? Diabhal lán do ghlaice ann
+–
Shoraidh dhó, an frídeoirín! Ar ndóigh, ní foghail fir atá sé sin in ann a dhéanamh i ngarraí! M'anam muise nach cheal leithid ná talúna é ina dhiaidh sin
Ní dhéanann an frídeoirín eile siúd ann ach siobáil bheag timpeall an tí: rud a thabhairt do chearca agus dolaontaí, agus an luaith a chur amach. Ar ndóigh ní in ann a dhul i ngarraí atá sé! Is fada uaidh é
TUILLEADH (1) ▼
Ara is beag é a dhícheall, an frídeoirín bocht caillte. Ar ndóigh ní meáchan atá sé siúd in ann a thógáil. Ceo ar bith ach go dtabharfadh sé do bhéilí chugat sa ngarraí. Sin é an méid.
2.
cineál bloc nó deis ar chrann seoil báid leis an seol a chur i gcrann, nó a oibriú. Bíonn roithíní beaga istigh ann. Oibríonn na téadrachaí orthu sin.
+–
Bádh ansin thoir í (bád). Chuaigh sí go frídeoir i bhfarraige ann. Ní raibh aníos ach cuid den chrann
Bhí farraige cháite dhá cur go frídeoir orainn le gaoith bhoird. Shíl mé nach sáródh muid choíchin é. Ach bhí togha an bháid againn. Níor mhór dhúinn fhéin go raibh.
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh sí go frídeoir i bhfarraige ar an gcéad abhóig in Éirinn. Shíl mé go raibh muid réidh. Dheamhan muise gurb in é an lá a raibh mise idir an t-aighre agus an tanaí ceart críochnaithe. Ach d'éirigh linn a ceansú ina dhiaidh sin