Fuachtán
—Ainm-fhocal; Fireann
—
sórt oidhreachaí, fachmaí nó ionglach a theagas i méarachaí na gcos agus na lámh de bharr fuaicht. "Chilblains" a thugtar i mBéarla orra.
+–
Fanfaidh mé ón tine ar fad. Ní cúnamh ar bith an teas do na fuachtáin atá orm
Ní raibh aon-fhuachtán orm ariamh míle buíochas le Dia, ach bhíodh oidhreachaí orm fadó nuair a bhínn ag imeacht ag slupáil i locháin annsin amach agus "Máirtín gágach" ann
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé ciapha ag fuachtáin atá orm. An tráth seo de bhliain i gcomhnaí a bhuaileas siad mé. Tá siad ar na cosa agus ar na lámha agam. Níl bliain ar bith nach mbím foirghe aca