fuachtán
—ainmfhocal, fireann
—
sórt oighreachaí, fochmaí nó ionglach a theagas i méarachaí na gcos agus na lámh de bharr fuaicht. Chilblains a thugtar i mBéarla orthu.
+–
Fanfaidh mé ón tine ar fad. Ní cúnamh ar bith an teas do na fuachtáin atá orm
Ní raibh aon fhuachtán orm ariamh míle buíochas le Dia, ach bhíodh oighreachaí orm fadó nuair a bhínn ag imeacht ag slupáil i locháin ansin amach agus "Máirtín gágach" ann
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé ciaptha ag fuachtáin atá orm. An tráth seo de bhliain i gcónaí a bhuaileas siad mé. Tá siad ar na cosa agus ar na lámha agam. Níl bliain ar bith nach mbím foirgthe acu