Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fuadar
ainmfhocal: fireann
"fudar" adeirtear indáil le i gcomhnaí
a.
imeacht: driopás: forú: scudal: luadar.
+
Tá cailín Bh. ag dul isteach agus fudar fúithi. É fhéin a chonnaic sí ag teacht = deifir: forú
Tá sé ag dul in áit eicínt anois muis agus an fudar atá faoi. Ba bheag an baol go mbeadh an fudar sin air ag dul in a gharraí
TUILLEADH (4) ▼
Nach ort atá an fudar ag dul ag baint choirce. Tá breith mhaith air agus gan é as craoibh fós againn. Bainfidh tú glas é
Tá fudar air seo thuas ag dul 'na chladaigh. Nach air atá an dícéille nach san mbaile a d'fhan a leithide de lá. Fágfaidh an cladach éagaoineadh aige muis.
Is beag a cheapfadh go mbeadh fudar 'na ghnatha mar sin faoi! An pósadh a mhic ó! Tá na mná indon síneadh leis an gcuid is fhearr aca!
Ní bheadh leath oiread fudair fút ag dul chuig an Aifreann. Mise i mbannaí nar mhiste leat dhá mbeitheá deireannach ag dul annsin. Ach ní fhailleóidh tú do ghnatha má bhíonn aon-phínn agad le dhul chuig an teach ósta. Is olc í do cheird muis. Diabhal bréag nach holc
b.
rún: bara.
+
Ní hé fudar a leasa atá faoi pérbith cén áit a dtriallfaidh sé. Is furasta aithne air é. Tá sé in a bhreastairín ro-mhór
Chuala mé go raibh fudar fola faoi seo thuas aréir aríst. Oícheannta aonaigh i gcomhnaí! Níl neart aige deóir ar bith a ól anois nach bhfuil sé eirithe san gcoirice aige
TUILLEADH (2) ▼
Fudar mná atá fút! Is furasta aithinte ort é. Ní bheitheá cho beó ar do chois ag dul i dtráigh fheamainne
Ara muise nach faoi atá an fudar achrainn. Foighid ort go dtí ar ball! Gheobhaidh sé a dhóthain den scliúchas sin feicfidh tú fhéin air

Fuadar in iontrálacha eile (1)

 
Rachmall pósta atá air. Ní hé athrú d'fhuadar atá faoi, ar an aimsir seo.