Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fuath Fíona; Fuath Fíonach
Ainmfhocal, Fireann
carradh dhubh mar a bheadh tobac ann, agus í cruadh tacúil. Bíonn sí le ceannacht sna siopaí. Leaightear ar bhainne í, agus tugtar de phurgóid do bheithigh agus do dhaoine í. Rud searbh í, ach deirtear gurb an-phurgóid í. Roimhe seo, bhíodh páistí ann, agus ba doiligh a gcoisceadh den chígh. Bhíodh cuid aca suas in a sean-ghasúir, agus bhídís ag iarraidh a dhul ag diúl mar sin fhéin. Len a gcoisceadh chuireadh na máithreachaí nó na banaltraí fuath fíona ar a gcuid cíoch féin. Deirtear an gasúr a mbíonn fonn diúil mar sin air, go mbíonn an-bhiseach faoi, agus go ndéanfaidh sé an-fhear. Chuirtí ar shiniúchaí bó freisin í, le go nglacfadh an laogh gráin uirre. (Aloeo a thugtar air i mBéarla).
+
Ól purgóid fuathfíona. Sin í an cailín a oibreós thú. Bainfidh sí na scairteachaí asad
B'éigin fuathfíonach a chur do Mh. se'aghainne. Bhíodh sé ag iarraidh an chíoch a fháil agus é in a fhear óg. Bhí a shliocht air. Ní raibh cinneadh ar bith in a fhear leis go ndéana Dia grásta air. Ní raibh aon- fhear láidir san tír seo ariamh nach ndeachaidh fuathfíonach ar na cíocha dóibh. Níl maith le duine ná beitheach nach n-ólfaidh a lacht
TUILLEADH (1) ▼
Chuir mise fuathfíonach ar shiniúchaí bó a bhí agam annseo an bhliain cheana. Sean-laogh a bhí ag iarraidh a dhul ag diúl uirre. Cén bhrí ach bhí góltra déanta ag an úth, agus dheamhan fios a bhí agam air. Dheamhan dochar a rinne sé di in a dheidh sin féin

Fuath Fíona in iontrálacha eile (1)

 
Díol an fimíneach de ghamhain sin agad. Sin nó cuir fuath fíona ar dhrible an chuid eile. Níl iadadh air ach dhá gcangailt