fuafíonach, fuafíonaigh
—ainmfhocal, fireann
—
carra dhubh mar a bheadh tobac ann agus í crua tacúil. Bíonn sí le ceannacht sna siopaí. Leáitear ar bhainne í agus tugtar de phurgóid do bheithígh agus do dhaoine í. Rud searbh í ach deirtear gurb an-phurgóid í. Roimhe seo, bhíodh páistí ann agus ba doiligh a gcoisceadh den chígh. Bhíodh cuid acu suas ina seanghasúir agus bhídís ag iarraidh a dhul ag diúl mar sin fhéin. Lena gcoisceadh, chuireadh na máithreachaí nó na banaltraí fuafíonaigh ar a gcuid cíoch féin. Deirtear an gasúr a mbíonn fonn diúil mar sin air go mbíonn an-bhiseach faoi, agus go ndéanfaidh sé an-fhear. Chuirtí ar shiniúchaí bó freisin í le go nglacfadh an lao gráin uirthi. Aloe a thugtar air i mBéarla.
+–
Ól purgóid fuafíonaigh. Sin í an cailín a oibreos thú. Bainfidh sí na scairteachaí asat
B'éigean fuafíonach a chur do Mh. s'againne. Bhíodh sé ag iarraidh an chíoch a fháil agus é ina fhear óg. Bhí a shliocht air. Ní raibh cinneadh ar bith ina fhear leis go ndéana Dia grásta air. Ní raibh aon fhear láidir sa tír seo ariamh nach ndeachaigh fuafíonach ar na cíocha dóibh. Níl maith le duine ná beathach nach n-ólfaidh a lacht
TUILLEADH (1) ▼
Chuir mise fuafíonach ar shiniúchaí bó a bhí agam anseo an bhliain cheana. Seanlao a bhí ag iarraidh a dhul ag diúl uirthi. Cén bhrí ach bhí góltra déanta ag an úth agus dheamhan fios a bhí agam air. Dheamhan dochar a rinne sé di ina dhiaidh sin féin
fuafíonach in iontrálacha eile (1)
Tá S. seo thíos an-dóighiúil den domhan as an gcliobóig d'inín sin aige. Ní iarrfaidh sí a dhul amach go deo ag cuartaíocht! Ní thaobhódh sí damhsaí ar bhás an domhain! Maidir le fir, bhí sé chomh maith duit fuafíonach a shamhailt léithe le fir! Sin é ráite an athar. Ach aire dhuit a Sh! Níl sé seachtain fós ó chonaic mise istigh sa raithneach ansin thiar í le fear! Bíonn ciúin ciontach adeir siad