Fuagra
—Ainmfhocal; Fireann
—ní abruíthear fógra
1.
gairm scoile; dindiúirí dlí, nó scríobhainn nó caint áirid dá sórt.
+–
Tá fuagra cogaidh tugha uaithe ag an Rúis, más cóir géilliúint do na páipéir
Bhí fuagra thuas ag geata an tséipéil inniu go bhfuil saighdiúir ag tastáil
TUILLEADH (3) ▼
An raibh aon-fhuagra faoi aon-chruinniú thuas ar na "pólannaí" le seachtain?
Tá leota d'fhuagra thuas ann, nach bhféadfaidh aonduine a dhul isteach an geata sin níos mó
Fuair sé fuagra faoin bpinsean le goirid. Dúradh leis dhá bhfaghadh sé beirt i bhfiainise go raibh sé in aois, go bhfaigheadh sé ar an bpuinnte é
2.
pearúl; aithne; ordú.
+–
Tá fuagra tugha aige dóibh go gcaithfidh siad a bheith imithe as an teach lá Bealtaine
Tá fuagra tugha ag an bhfear seo thíos do Mh. mara gcoinnighe sé na beithigh den tsliabh siúd go searbhálfaidh sé é.
TUILLEADH (5) ▼
Is rud é an bás nach dtugann aon-fhuagra uaidh
Tá mé ag tabhairt fuagra dhuit anois fanacht amach as an teach sin feasta = ag cur pearúl ort; "warning you"
Fuair sé a dhóthain d'fhuagra nuair a tháinig an phian ghárha sin in a thaobh. Ach bhí an iomarca saint' aige san saol le luighe. Tá aiféala anois air = fuair sé len innseacht go raibh an tinneas ag teacht
Tá mé ag tabhairt fuagra dhuit anois gan aon-láimh a leagan ar mo pháiste-sa níos mó, nó má leagann go dtiocfaidh sé daor ort
Tabhair fuagra dhó amáireach ceangal a chur ar na caoirigh sin aige, agus gan iad a bheith ag dul i mbradaíl orainne níos mó. Shílfeá gurb é lár an gheimhridh atá aige ann le go mbeadh cead scuir mar sin aca
Fuagra in iontrálacha eile (1)
Chuaidh fuagra aige go minic a chuid beithidheach a choinneál de'n talamh sin, ach 's aon-mhaith amháin é. Teigheadh leota de "shummons" aige anois. Ní chomhairleochaidh a mhalrait é