fuagra
—ainmfhocal, fireann
—ní abraítear fógra
1.
gairm scoile; dintiúirí dlí, nó scríbhinn nó caint áirid dá sórt.
+–
Tá fuagra cogaidh tugtha uaithi ag an Rúis más cóir géilliúint do na páipéir
Bhí fuagra thuas ag geata an tséipéil inniu go bhfuil saighdiúir ag teastáil
TUILLEADH (3) ▼
An raibh aon fhuagra faoi aon chruinniú thuas ar na pólannaí le seachtain?
Tá leota d'fhuagra thuas ann nach bhféadfaidh aon duine a dhul isteach an geata sin níos mó
Fuair sé fuagra faoin bpinsean le gairid. Dúradh leis dhá bhfaigheadh sé beirt i bhfianaise go raibh sé in aois, go bhfaigheadh sé ar an bpointe é
2.
parúl; aithne; ordú.
+–
Tá fuagra tugtha aige dóibh go gcaithfidh siad a bheith imithe as an teach Lá Bealtaine
Tá fuagra tugtha ag an bhfear seo thíos do Mh. mura gcoinní sé na beithígh den tsliabh siúd go seirbheálfaidh sé é.
TUILLEADH (5) ▼
Is rud é an bás nach dtugann aon fhuagra uaidh
Tá mé ag tabhairt fuagra dhuit anois fanacht amach as an teach sin feasta — ag cur parúl ort; warning you
Fuair sé a dhóthain d'fhuagra nuair a tháinig an phian ghártha sin ina thaobh. Ach bhí an iomarca sainte aige sa saol le luí. Tá aiféala anois air — fuair sé le n-inseacht go raibh an tinneas ag teacht
Tá mé ag tabhairt fuagra dhuit anois gan aon láimh a leagan ar mo pháistese níos mó, nó má leagann go dtiocfaidh sé daor ort
Tabhair fuagra dhó amárach ceangal a chur ar na caoirigh sin aige agus gan iad a bheith ag dul i mbradaíl orainne níos mó. Shílfeá gurb é lár an gheimhridh atá aige ann le go mbeadh cead scoir mar sin acu
fuagra in iontrálacha eile (1)
Chuaigh fuagra aige go minic a chuid beithíoch a choinneáil den talamh sin, ach is aon mhaith amháin é. Téadh leota de shummons aige anois. Ní chomhairleoidh a mhalrait é